Ionchais maidir le scoláirí/Torthaí foghlama
Ionchais maidir le scoláirí
Is scáth-théarma é ionchais maidir le scoláirí a nascann torthaí foghlama le samplaí anótáilte de shaothar scoláirí. I gcás na ngearrchúrsaí arna bhforbairt ag CNCM, is amhlaidh i roinnt cásanna atá samplaí den saothar a bhaineann le toradh foghlama faoi leith nó le grúpa torthaí foghlama ar fáil ar www.curriculumonline.ie. Is féidir gur mian leis na scoileanna a dhearann a ngearrchúrsaí féin bunachar samplaí de shaothar scoláirí a chruthú don phlé agus mar áis tagartha amach anseo.
Torthaí foghlama
Is é is torthaí foghlama ann ráitis a chuireann síos ar an eolas, tuiscint, scileanna agus luachanna is cóir do scoláirí bheith in ann a thaispeáint tar éis dóibh an gearrchúrsa OSSP sa tsraith shóisearach a chríochnú. Baineann na torthaí foghlama a leagtar amach sna táblaí seo a leanas le gach scoláire agus léiríonn siad torthaí don scoláire ag deireadh na tréimhse staidéir (thart ar 100 uair an chloig).
Tá uimhir le gach toradh laistigh de gach snáithe. Tá sé i gceist go gcabhródh an t-uimhriú le pleanáil an mhúinteora agus ní sheasann sé d’ordlathas tábhachta ar bith trasna na dtorthaí iad féin. Ná tuigtear leis ach an oiread gur cheart cloí leis na torthaí foghlama in ord seicheamhach.
Foghlaimíonn na scoláiri faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
---|---|
Dínit an duine – an bunús le cearta an duine |
|
Ionstraimí chearta an duine |
|
Foghlaimíonn na scoláiri faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
---|---|
Inbhuanaitheacht |
|
Forbairt áitiúil agus dhomhanda |
|
Athrú domhanda a chur i gcrích |
|
Foghlaimíonn na scoláiri faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
---|---|
Ciall an daonlathais |
|
An dlí agus an saoránach |
|
Ról na meán i sochaí dhaonlathach |
|