Príomhscileanna
I dteannta a n-inneachair agus a n-eolais shonraigh, tugann ábhair agus gearrchúrsaí na sraithe sóisearaí deiseanna don scoláire chun réimse leathan príomhscileanna a fhorbairt. Tá deiseanna ann chun tacú leis na príomhscileanna uile sa chúrsa seo ach tá roinnt díobh a bhfuil tábhacht ar leith leo. Sainaithnítear sna samplaí thíos roinnt de na gnéithe a bhaineann le gníomhaíochtaí foghlama sa Teicneolaíocht Adhmaid. Chomh maith leis sin, is féidir leis an múinteoir a lán de na gnéithe eile de phríomhscileanna ar leith a fhí isteach ina chuid pleanála don seomra ranga.
An phríomhscil | Gné na príomhscile | Samplaí de ghníomhaíochtaí foghlama an scoláire |
---|---|---|
A bheith cruthaitheach | Roghanna a fhiosrú | Déanfaidh an scoláire taighde ar réitigh dearaidh ar choimre dearaidh a thugtar dó. |
A bheith liteartha | Smaointe a chur in iúl go soiléir agus le cruinneas | Roghnóidh an scoláire na meáin is oiriúnaí chun a smaointe/réitigh a chur in iúl. |
A bheith uimheartha | Smaointe a chur in iúl go matamaiticiúil | Bainfidh an scoláire úsáid as nodaireacht cheart eolaíoch agus mhatamaiticiúil agus cion taise á ríomh aige. |
Cumarsáid | Teanga a úsáid | Úsáidfidh an scoláire an teanga cheart theicniúil agus cur síos á dhéanamh ar phróiseas. |
Eolas agus smaointeoireacht a bhainistiú | Smaoineamh go cruthaitheach agus go criticiúil | Rachaidh an scoláire i mbun na smaointeoireachta nuálaí chun réiteach a chruthú agus déanfaidh sé critíc ar an réiteach bunaithe ar na riachtanais a bhaineann leis an bhfadhb. |
Mé féin a bhainistiú | Spriocanna pearsanta a shocrú agus a bhaint amach | Leagfaidh an scoláire plean oibre amach agus cuirfidh sé i bhfeidhm é chun déantán a chruthú. |
Fanacht folláin | A bheith freagrach, slán agus eiticiúil nuair atá teicneolaíocht dhigiteach in úsáid | Oibreoidh an scoláire go heiticiúil agus go sábháilte ar líne agus nuair a bhaineann sé úsáid as an idirlíon mar acmhainn foghlama. |
Obair le daoine eile | Ag comhoibriú | Beidh an scoláire ag comhoibriú ar thaighde agus forbróidh sé réitigh ar fhadhb ar leith le daoine eile. |