Príomhscileanna
I dteannta a n-inneachair agus a n-eolais shonraigh, tugann ábhair agus gearrchúrsaí na sraithe sóisearaí deiseanna don scoláire chun réimse leathan príomhscileanna a fhorbairt. Tá deiseanna ann chun tacú leis na príomhscileanna uile sa chúrsa seo ach tá roinnt díobh a bhfuil tábhacht ar leith leo. Sainaithnítear sna samplaí thíos roinnt de na gnéithe a bhaineann le gníomhaíochtaí foghlama sa Oideachas Reiligiúin. Chomh maith leis sin, is féidir leis an múinteoir a lán de na gnéithe eile de phríomhscileanna ar leith a fhí isteach ina chuid pleanála don seomra ranga.
| An phríomhscil | Sampla de ghné na príomhscile | Samplaí de ghníomhaíochtaí foghlama gaolmhara an scoláire |
|---|---|---|
| A bheith cruthaitheach | Ag samhlú | Déanfaidh an scoláire bealaí a shamhlú lena bhféadfadh sé a bheith ina fhórsa don mhaitheas agus gheobhaidh sé spreagadh ó scéalta a roinnt faoi dhaoine a bhfuil deimhneacht, samhlaíocht agus misneach acu. |
| A bheith liteartha | Téacsanna éagsúla a fhiosrú agus a chruthú, lena n-áirítear téacsanna ilmhódacha | Beidh teacht ag an scoláire ar théacsanna ó bhéal, scríofa agus ilmhódacha, agus rachaidh sé i ngleic leo chun creidimh agus traidisiúin reiligiúnacha éagsúla a fhiosrú agus chun litearthacht reiligiúnach a fhorbairt. |
| A bheith uimheartha | Patrúin, treochtaí agus coibhneasa a fheiceáil | Déanfaidh an scoláire patrúin agus treochtaí a imríonn tionchar ar chreidimh agus luachanna a fhiosrú agus rachaidh sé i ngleic leis na sonraí chun eolas a fháil faoi éagsúlacht na gcreideamh reiligiúnach atá in Éirinn faoi láthair. |
| Cumarsáid | Éisteacht agus mé féin a chur in iúl | Foghlaimeoidh an scoláire conas éisteacht go gníomhach agus go hurramach le peirspictíochtaí agus creidimh éagsúla, agus conas tuairimí, mothúcháin agus creidimh a chur in iúl go cuí. |
| Eolas agus smaointeoireacht a bhainistiú | A bheith fiosrach | Trí ghníomhaíochtaí sa seomra ranga agus taighde, foghlaimeoidh an scoláire conas ceisteanna a chur agus conas fiosrú níos doimhne a dhéanamh d’fhonn eolas agus tuiscintí faoi reiligiún agus creidimh a fháil. |
| Mé féin a bhainistiú | Aithne orm féin | Trí bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí sa seomra ranga, gheobhaidh an scoláire feasacht ar an gcaoi inar imríodh tionchar ar a chreidimh, a thuiscintí, a luachanna agus a chinntí. |
| Fanacht folláin | A bheith spioradálta | De réir mar a théann an scoláire i ngleic le ceisteanna móra an tsaoil beidh sé ag teacht ar fheasacht níos fearr ar an saol, tuiscint a bheidh bunaithe ar bhrí, cuspóir agus cóngas. |
| Obair le daoine eile | Meas a bheith agam | Trí dhíospóireacht agus obair i ngrúpaí déanfaidh an scoláire dearcadh éagsúil agus taithí éagsúil a mheas agus foghlaimeoidh sé go gcaithfidh meas a bheith aige ar éagsúlacht mar fhoinse foghlama agus saibhrithe. |