Aidhm
Seo a leanas aidhmeanna na hInnealtóireachta sa tsraith shóisearach:
- a chur ar chumas an scoláire scileanna disciplíneacha agus an t-eolas a fhorbairt chun innealtóireacht a dhéanamh ar an táirge deiridh
- a chur ar chumas an scoláire tabhairt faoi fhadhbréiteach spriocdhírithe, chun feasacht a chruthú ar na próisis innealtóireachta
- na scileanna cuí a fhorbairt agus próisis innealtóireachta a chur i bhfeidhm chun ábhar a láimhsiú chun táirge le héifeachtacht, beachtas, cruinneas agus bailchríoch d’ardchaighdeán a tháirgeadh
- meon innealtóireachta a fhorbairt trí fhorbairtí innealtóireachta comhaimseartha a fhiosrú.