RF 15: Aithníonn an scoláire an úsáid is féidir a bhaint as eolas, scileanna agus tuiscint mhatamaiticiúil i réimsí uile na foghlama. |
Beidh an scoláire in ann réasúnaíocht uimhriúil a chur i bhfeidhm trí chleachtaí a mharcáil amach ó thoisí a thugtar. |
RF 19: Tá luach ag an scoláire ar ról agus cion na heolaíochta agus na teicneolaíochta i leith na sochaí, agus an tábhacht phearsanta, shóisialta agus dhomhanda atá leo. |
Déanfaidh an scoláire an tionchar a bhíonn ag an teicneolaíocht ar a shaol féin, ar an tsochaí agus ar an gcomhshaol a mheasúnú. |
RF 20: Úsáideann an scoláire teicneolaíochtaí cuí chun dul i ngleic le dúshlán deartha. |
Cinnfidh an scoláire céard iad na teicneolaíochtaí is feiliúnaí atá ar fáil dó agus cuirfidh sé i bhfeidhm iad chun na critéir a bhaineann le fadhb dearaidh a shásamh. |
RF 21: Cuireann an scoláire scileanna praiticiúla i bhfeidhm de réir mar a fhorbraíonn sé/sí múnlaí agus táirgí ag baint úsáide as ábhair agus as teicneolaíochtaí éagsúla. |
Ceapfaidh an scoláire réitigh trí shamhaltú agus trí thionscadail lena bhforbraítear na scileanna praiticiúla agus é ag oibriú le réimse ábhar agus trealaimh. |
RF 23: Tógann an scoláire smaoineamh ar aghaidh ó cheapadh go réadú. |
Forbróidh an scoláire as féin coincheap chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb éigin agus ceapfaidh sé an réiteach trí úsáid a bhaint as na hábhair chuí agus as na scileanna a d’fhorbair sé. |
RF 24: Úsáideann an scoláire an teicneolaíocht agus uirlisí na meán digiteach chun foghlaim, chun obair agus chun smaoineamh go comhoibríoch agus go cruthaitheach ar bhealach freagrach agus eiticiúil. |
Roghnóidh an scoláire uirlisí cuí ó na meáin dhigiteacha chun taighde a dhéanamh ar smaointe dearaidh agus chun iad a fhiosrú agus a léiriú. |