I mbun cumarsáide
Tá I mbun cumarsáide ar cheann de na ceithre théama a úsáidtear in Aistear chun cur síos a dhéanamh ar fhoghlaim agus ar fhorbairt leanaí sna chéad sé bliana. Déantar cur síos ann ar an tslí ina roinneann leanaí a gcuid taithí, smaointe agus mothúchán le daoine eile ar shlite éagsúla. Sa téama I mbun Cumarsáide féachtar le heispéiris spreagúla spraíúla a thabhairt do leanaí le cabhrú leo
- úsáid a bhaint as cumarsáid neamhbhriathartha
- úsáid a bhaint as an teanga
- ciall a bhaint as an saol tríd an teanga
- iad féin a chur in iúl ar shlite cruthaitheacha samhlaíocha.
Is iomaí smaoineamh agus moladh a gheofar in Aistear faoin tslí leis an modh foghlama agus forbartha tábhachtach seo a chur ar fáil do bhabaithe, do naíonáin agus do leanaí beaga.