Folláine
Tá Folláine ar cheann de na ceithre théama a úsáidtear in Aistear chun cur síos a dhéanamh ar fhoghlaim agus ar fhorbairt leanaí sna chéad sé bliana. Féinmhuinín, sonas agus sláinte leanaí is ábhar dó. Sa téama Folláine féachtar le cabhrú le leanaí a bheith
- chomh láidir ó thaobh na síceolaíochta agus ó thaobh scileanna sóisialta de agus is féidir
- chomh sláintiúil agus chomh haclaí agus is féidir
- cruthaitheach agus spioradálta
- dearfach i leith na foghlama agus an tsaoil i gcoitinne.
Is iomaí smaoineamh agus moladh a gheofar in Aistear faoin tslí leis an modh foghlama agus forbartha tábhachtach seo a chur ar fáil do bhabaithe, do naíonáin agus do leanaí beaga.