Tugtar cuntas i gCuraclam na Bunscoile (1999) ar an méid a fhoghlaimíonn páistí agus an tslí ina bhfoghlaimíonn siad sna hocht mbliana bunscoile, ó naíonáin shóisearacha go rang a sé. Seo iad aidhmeanna an churaclaim: an gealladh atá faoi gach páiste a chomhlíonadh ina iomláine dúil sa léinn a chothú i ngach páiste cabhrú le páistí scileanna a shealbhú, a bheidh úsáideach ar feadh a saoil. Cuirtear an curaclam i láthair i bhfoirm sheacht réimse, agus cuid acu sin roinnte arís ina n-ábhair. Is iad sin: An Ghaeilge agus an Béarla An Mhatamaitic Oideachas sóisialta, comhshaoil agus eolaíochta (OSCE): stair, tíreolaíocht agus eolaíocht Oideachas ealaíon: na hamharcealaíona, an ceol agus an drámaíocht Corpoideachas Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) Cúram de chuid fhorais pátrúnachta na scoileanna éagsúla is ea an t-oideachas reiligúnach nó eiticiúil. Eolas breise: Curaclam na Bunscoile: Réamhrá