Na hAmharcealaíona
Trí ábhar atá sa churaclam Oideachas Ealaíon. Ceol, Drámaíocht agus na hAmharcealaíona. Cuireann an curaclam ar chumas páistí smaointe, mothúcháin agus eispéiris a chur in iúl go healaíonta trí mheán an cheoil, na drámaíochta agus na n-amharcealaíon.
Do pháistí idir rang na naíonán beag agus rang a sé atá an curaclam Amharcealaíon ceaptha. Sé cinn de shnáitheanna atá sa churaclam:
- Líníocht
- Péint agus dath
- Prionta
- Cré
- Tógáil
- Fabraic agus snáithín.
An curaclam atá ann i láthair na huaire, tugadh isteach é mar chuid de Churaclam na Bunscoile (1999).