Drámaíocht
Trí ábhar atá sa churaclam Oideachas Ealaíon. Ceol, Drámaíocht agus na hAmharcealaíona. Cuireann an curaclam ar chumas páistí smaointe, mothúcháin agus eispéiris a chur in iúl go healaíonta trí mheán an cheoil, na drámaíochta agus na n-amharcealaíon.
Do pháistí idir rang na naíonán beag agus rang a sé atá an curaclam Drámaíochta ceaptha. Snáithe amháin atá sa churaclam:
- Dul i mbun drámaíochta agus tuiscint a fháil ar an drámaíocht mar mheán
- Ag machnamh ar an drámaíocht
- Comhar agus cumarsáid i mbun na drámaíochta.
An curaclam atá ann i láthair na huaire, tugadh isteach é mar chuid de Churaclam na Bunscoile (1999).