Stair
Trí ábhar atá san Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíoch: Eolaíocht, Tíreolaíocht agus Stair. Cuireann an OSIE ar chumas páistí tuiscint a fháil ar a dtimpeallacht áitiúil agus ar an timpeallacht i gcoitinne, agus taiscéalaíocht agus imscrúdú a dhéanamh ar na timpeallachtaí sin.
Múintear an stair do gach dalta ó rang na naíonán beag go rang a sé. Cuireann an curaclam ar chumas páistí bunscileanna an staraí a fhorbairt trí eolas a chur ar dhaoine, ar imeachtaí agus ar ghluaiseachtaí san am atá imithe thart.
In dhá chuid a chuirtear an curaclam i láthair:
- Scileanna
- Ábhar:
- Mé féin agus mo theaghlach
- Scéal
- Na daoine luatha agus seanscéalta
- An saol, an tsochaí, an obair agus an cultúr san am atá thart
- Tréimhsí athraithe agus coimhlinte
- An pholaitíocht, an choimhlint agus an tsochaí
- Leanúnachas agus athrú in imeacht ama
An curaclam atá ann i láthair na huaire, tugadh isteach é mar chuid de Churaclam na Bunscoile (1999).