Tíreolaíocht
Trí ábhar atá san Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíoch: Eolaíocht, Tíreolaíocht agus Stair. Cuireann an OSIE ar chumas páistí tuiscint a fháil ar a dtimpeallacht áitiúil agus ar an timpeallacht i gcoitinne, agus taiscéalaíocht agus imscrúdú a dhéanamh ar na timpeallachtaí sin.
Múintear an tíreolaíocht do gach dalta ó rang na naíonán beag go rang a sé. Cuireann an curaclam ar chumas páistí ciall a bhaint as a dtimpeallacht féin agus as an domhan mór. Déanann siad amhlaidh trí scileanna geografacha éagsúla a fhorbairt ó imscrúdú a dhéanamh ar eilimintí daonna agus nádúrtha ina dtimpeallacht féin agus sa domhan mór.
In dhá chuid a chuirtear an curaclam i láthair:
- Scileanna agus coincheapa
- Ábhar:
- Timpeallachtaí an duine
- Timpeallachtaí nádúrtha
- Feasacht agus cúram an chomhshaoil.
An curaclam atá ann i láthair na huaire, tugadh isteach é mar chuid de Churaclam na Bunscoile (1999).