Skip to content

Foilsiú Curaclam Athfhorbartha na Bunscoile

Foghlaim Tuilleadh

Bunscoil

Baineann an bhunoideachas le cúrsa ocht mbliana thar na ceithre chéim: 

Céim 1 - Naíonáin shóisearacha agus shinsearacha

Céim 2 - Ranganna a haon agus a dó

Céim 3 - Ranganna a trí agus a ceathair

Céim 4 - Ranganna a cúig agus a sé

Tá Curaclam Bunscoile athfhorbartha i ndiaidh a bheith foilsithe agus tabharfar isteach i ngach bunscoil agus gach scoil speisialta é sna blianta amach romhainn. 

Curaclam na Bunscoile

San áireamh leis an gcuraclam tá Creatchuraclam na Bunscoile agus sonraíochtaí do chúig réimse curaclaim. ​ Tacaítear leis an gcuraclam trí thacair uirlisí curaclaim ar líne le haghaidh múinteoirí.​

Íomha de Creatchuraclam na Bunscoile ​

Creatchuraclam na Bunscoile ​

I gCreatchuraclam na Bunscoile leagtar amach cineál, struchtúr agus ábhar an churaclaim. Is bonn é le haghaidh foghlama, teagaisc agus measúnaithe ar ardchaighdeán do gach páiste. Rud atá tábhachtach, is é is aidhm dó bunchloch láidir a leagan síos do gach páiste le go mbeidh siad faoi bhláth agus faoi rath, agus tacaíonn sé leo barr a gcumais a bhaint amach mar dhaoine aonair agus mar bhaill de phobail agus den tsochaí.

Iomha de bosca uirlis

Tacar Uirlisí Churaclam na Bunscoile

Cuireann Tacar Uirlisí ar líne Churaclam na Bunscoile tacaíocht uileghabhálach ar fáil do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile agus iad ag obair leis an gcuraclam.

Réimsí Curaclaim ​

Cuirtear an curaclam i láthair thar chúig réimse curaclaim a thugann breac-chuntas ar an bhfoghlaim a dhéanfaidh na páistí san Oideachas Ealaíon; Teanga; Oideachas ETIM; Oideachas Sóisialta agus Imshaoil; agus Folláine. Tá sé de fhreagracht fós ar chomhlachtaí pátrún cuí an Oideachais Reiligiúnaí/Ilchreidimh/Éiticiúla agus na Luachanna (nó Clár an Phatrúin) a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.