Uirlisí úsáide OSPS Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte ClúdaÃtear curaclam leathan in Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) a chabhraÃonn le páistà agus daoine óga foghlaim fúthu féin agus faoi conas caidrimh fholláine a fhorbairt agus a choinneáil. De réir a chéile, tabharfar an t-eolas agus na scileanna is gá dóibh chun cinntà freagracha a dhéanamh maidir lena sláinte agus lena bhfolláine trà chéile. Pleanáil: Tá sé tábhachtach go mbainfeá úsáid as an gcuraclam mar threoir agus OSPS (Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta) á phleanáil agat. Tá torthaà foghlama OSPS na sraithe sóisearaà agus na sraithe sinsearaà araon fairsing agus solúbtha ionas gur féidir leat ceachtanna a phleanáil agus a chur in oiriúint do riachtanais agus do chéim forbartha faoi leith na scoláirà atá agat, agus don chomhthéacs scoile. Tá sé dúshlánach teagasc agus foghlaim a cheapadh a chomhlÃonann riachtanais páistà agus daoine óga i raon na n-ábhar éagsúil a d’fhéadfaà teacht chun cinn in OSPS. Forbairt ghairmiúil: Tá súil againn go rachaidh na huirlisà úsáide seo chun tairbhe duit chun cur le do thuiscint agus chun do scileanna agus muinÃn as gach gné de OSPS a theagasc a fhorbairt. Tá na hábhair sna huirlisà úsáide seo ceaptha chun tacú leat dul chun cinn a dhéanamh in OSPS ó thaobh forbairt ghairmiúil de. D’fhéadfaà úsáid a bhaint astu freisin chun comhráite gairmiúla ar scoil a éascú agus chun forbairt ghairmiúil a bhaint amach ag leibhéal fhoireann na scoile iomláine. Cliceáil ar gach cuid de na huirlisà úsáide thÃos chun teacht ar acmhainnà ábhartha Ag Ullmhú don Teagasc OSPS a Theagasc Acmhainní lena n-úsáid i dTeagasc OSPS/OCG