Eolaíocht
Trí ábhar atá san Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta: Eolaíocht, Tíreolaíocht agus Stair. Cuireann an OSIE ar chumas páistí tuiscint a fháil ar a dtimpeallacht áitiúil agus ar an timpeallacht i gcoitinne, agus taiscéalaíocht agus imscrúdú a dhéanamh ar na timpeallachtaí sin.
Múintear an eolaíocht do gach dalta ó rang na naíonán beag go rang a sé. Cuireann an curaclam ar chumas páistí na bunscileanna eolaíochta a shealbhú trí eolas a chur ar an eolaíocht agus tuiscint uirthi a fháil.
In dhá chuid a chuirtear an curaclam i láthair:
- Scileanna
- Ábhar:
- Nithe beo
- Fuinneamh agus fórsaí
- Ábhair
- Feasacht agus cúram an chomhshaoil.
An curaclam atá ann i láthair na huaire, tugadh isteach é mar chuid de Churaclam na Bunscoile (1999).