Measúnú Is é atá i gceist leis an measúnú pictiúr a fháil de dhul chun cinn páiste thar thréimhse ama i ngach cuid den churaclam. Bíonn slite éagsúla ag múinteoir chun fianaise leanúnach a bhailiú mar gheall ar an tslí ina bhfoghlaimíonn daltaí agus faoin méid a fhoghlaimíonn siad. Baintear úsáid as an bhfianaise sin chun an dalta a mholadh as an méid atá bainte amach, agus chun cinntí a dhéanamh faoi na chéad chéimeanna foghlama eile. Gheofar tuilleadh eolais mar gheall ar mheasúnú sa bhunscoil in Measúnú i gCuraclam na Bunscoile: Treoirlínte do Scoileanna