Skip to content

An Stáidéar Saol Scoile Páistí: Tuarascáil 7

An Stáidéar Saol Scoile Páistí: Tuarascáil 7

Foghlaim Tuilleadh

Aonaid Tosaíochta Foghlama

Tá cúig Aonad Tosaíochta Foghlama ag croílár gach Clár Foghlama Leibhéal 2. Ullmhaítear an scoláire leo do dheiseanna, do fhreagrachtaí agus d’eispéiris shaol an duine fásta agus na hoibre agus foghlaim ar feadh an tsaoil. Is iad na cúig ATF ná Cumarsáid agus litearthacht, Uimhearthacht, Cúram pearsanta, Cónaí i bpobal agus Ullmhú don obair. Cuirtear i láthair iad mar aonaid astu féin ach nuair a úsáidtear iad i gcláir foghlama comhtháthófar agus forbrófar iad i réimse leathan comhthéacsanna foghlama.
 
Déantar cur síos ar gach ATF i dtéarmaí ginearálta, le liosta achomair de phríomhghnéithe gach ATF leagtha amach ina dhiaidh sin i dtábla. Ina dhiaidh sin, tá torthaí foghlama níos mionsonraithe a bhaineann le gach ceann de na gnéithe. Déantar cur síos sna torthaí foghlama ar an méid a bheidh an scoláire in ann a dhéanamh chun fianaise a thaispeáint gur baineadh amach an fhoghlaim.
 
Ailínítear na torthaí foghlama le haghaidh gach ATF go
ginearálta leis na Táscairí Leibhéil le haghaidh Leibhéal 2 den CNC .
 
Tá na ATFanna nasctha go soiléir le chéile; tá siad fite fuaite ina chéile ar mhórán bealaí. Is gné lárnach den fhás pearsanta é feasacht an scoláire a chothú i ndáil le hidirspleáchas na réimsí sin agus cuireann sé go mór leis an gcuspóir atá uainn ag deireadh thiar: foghlaim ar feadh an tsaoil.

Tá an chumarsáid mar thaca agus mar bhonn faoi gach foghlaim agus tá sí ríthábhachtach le bheith in ann an fhoghlaim a aistriú. San aonad seo, cuimsítear bealaí briathartha agus neamhbhriathartha araon san fhoghlaim chun eolas a fháil agus a thabhairt. D’fhéadfaí an chumarsáid a dhéanamh trí éisteacht agus freagairt agus córais chumarsáide breisithí nó malairte á núsáid.
 Tá an litearthacht ríthábhachtach don fhoghlaim toisc go mbíonn teacht ar an gcuraclam ar fad léi, agus mar bhonn agus mar thaca fúithi tá an nós go bhforbraíonn an scoláire cumas sa léitheoireacht agus sa scríbhneoireacht mar chuspóir ann féin agus mar mhodh chun foghlaim nua a fháil agus a chur in iúl. Féachtar ar scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta a fhorbairt san aonad seo agus cuimsítear ann an chaoi a núsáidtear TFC sa chumarsáid. Úsáidtear an téarma cumarsáid ar bhealach ginearálta san aonad seo, ina ndéantar an chaoi gur féidir leis an scoláire cumarsáid a dhéanamh trí na healaíona mothúchánacha ar nós an cheoil agus an damhsa a mheas.
to how ICT is used in communication. The term communication is
used in a broad way in this unit, which also considers how students
can communicate through the expressive arts such as music and
dance.

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
Labhairt go cuí le haghaidh cuspóirí éagsúla agus aird mar éisteoir a thaispeáint
  1. 1.1

    Éisteacht chun eolas a fháil a bhaineann le níos mó ná rogha amháin, m.sh. éisteacht le fógraí scoile, clár ama cainte a úsáid le ham teachta agus imeachta traenach a fháil

  2. 1.2

    Ceisteanna a chur chun eolas a fháil, m.sh. chun dátaí/praghsanna a sheiceáil (aghaidh ar aghaidh nó ar an bhfón), áirithint a dhéanamh le haghaidh béile ar an bhfón

  3. 1.3

    Sraith treoracha labhartha a leanúint faoi stiúir, m.sh. dul go dtí seomra na múinteoirí, an siopa áitiúil, nó oifig an phoist, breis creidmheasa a chur san fhón

  4. 1.4

    Tuairimí pearsanta, fíricí agus mothúcháin a chur in iúl mar is cuí m.sh. tuairim a chur in iúl faoi chlár teilifíse, nuacht ón deireadh seachtaine a insint

  5. 1.5

    Páirt a ghlacadh i gcumarsáid phraiticiúil, fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil, m.sh. agallamh nó cruinniú tuismitheora múinteora, agallamh le piaraí ar ábhar a bhaineann le spéis, ag comhrá agus tú amuigh le cairde, fógraí a dhéanamh ar idirchum na scoile

  6. 1.6

    Éist le réimse scéalta agus freagra a thabhairt orthu

Iompar neamhbhriathart ha a úsáid chun teachtaireacht a chur in iúl across
  1. 1.7

    Réimse modhanna cumarsáide neamhbhriathartha a shainaithint, m.sh. gotha gnúise, tuineacha cainte, siombailí, éadaí, dathanna mar chomhartha do ghiúmar/ghníomh cuí

  2. 1.8

    Iompar cuí neamhbhriathartha a úsáid agus smaoineamh simplí á chur in iúl, m.sh. díomá nó lúcháir, tuin chainte chun cabhair a fháil nó chun gearán a dhéanamh

  3. 1.9

    Freagra nó ceist a chur in iúl go neamhbhriathartha, m.sh. comhartha a dhéanamh do ghlao fóin

  4. 1.10

    Freagra a thabhairt ar chomharthaí a fheictear sa ghnáthshaol laethúil, m.sh. comharthaí bóthair, comharthaí tráchta, ábhair ghuaiseacha

  5. 1.11

    . Seicheamh treoracha neamhbhriathartha le haghaidh gníomhaíocht choitianta a leanúint, m.sh. trealamh tí a úsáid le trí oibríocht nó níos mó, cadhnra a chur i mbréagán, dorais éalaithe shábháilteachta a aimsiú/ cleachtadh dóiteáin a leanúint

Léitheoireacht chun eolas bunúsach a fháil
  1. 1.12

     Gnáthfhocail a úsáidtear go coitianta agus atá ábhartha go pearsanta a léamh, m.sh. liosta rudaí a bhaineann le spéis phearsanta/spórt/caitheamh aimsire a léamh, ainmneacha daoine sa teaghlach

  2. 1.13

    Rialacha simplí agus gnásanna téacs a thacaíonn leis an mbrí a úsáid, m.sh. stop ag lánstad

  3. 1.14

    Foirmeacha éagsúla scríbhneoireachta agus téacs a léirmhíniú, comharthaí agus siombailí sóisialta san áireamh, m.sh. formáidí comónta billí, biachláir, foirmeacha, amchláir, comharthaí bóthair agus comharthaí eile, treoracha simplí ullmhaithe bia (ubh a fhiuchadh, ceapaire a dhéanamh, cupán tae a dhéanamh), píosa gearr scríbhneoireachta atá ábhartha go pearsanta

  4. 1.15

    Eolas tábhachtach a aimsiú i bhfoirmeacha éagsúla scríbhneoireachta, m.sh. eolas fíorasach a aimsiú i bhfoirmeacha/mbillí, amanna agus dátaí coinnithe, biachláir, amchláir, nuachtáin

  5. 1.16

    Réimse straitéisí léitheoireachta a úsáid, m.sh. leideanna, comhthéacs, fuaim, tuar agus díchódú

Réimse foirmeacha scríbhneoireacht a a úsáid chun tuairimí a chur in iúl
  1. 1.17

    Nótaí agus teachtaireachtaí atá de dhíth i dtascanna simplí a scríobh/a chlóscríobh, m.sh. seoladh ar chlúdach litreach

  2. 1.18

    Cúig abairt ar a laghad a scríobh/a chlóscríobh ionas go gcuirtear brí nó eolas in iúl, m.sh. cruinniú a eagrú le cara, treoracha a thabhairt

  3. 1.19

    Príomhrialacha na scríbhneoireachta a úsáid mar is cuí, m.sh. ceannlitreacha agus lánstadanna a úsáid

  4. 1.20

    Réimse patrún litrithe a úsáid, m.sh. ‘ing’ a chur le focal - litir a chailleadh, a dhúbláil nó athrú ar bith

  5. 1.21

    Réimse foirmeacha éagsúla scríbhneoireachta a úsáid le bheith in oiriúint don fheidhm agus don lucht léitheoireachta, m.sh. seic a chomhlánú, foirm shimplí a chomhlánú, iontráil dialainne a scríobh

Ealaíona mothúchánacha a úsáid chun cumarsáid a dhéanamh
  1. 1.22

    Páirt a ghlacadh i dtaibhiú nó i gcur i láthair, m.sh. píosa gearr drámaíochta a chur i láthair do dhaoine sa rang, damhsa nó ceol a chur i láthair do thuismitheoirí

  2. 1.23

    Réimse íomhánna a chruthú trí ábhair éagsúla a úsáid

  3. 1.24

    Píosa oibre a chruthú i gcomhair taispeántais

  4. 1.25

    Éist le réimse ceoil agus freagairt dó trí smaointe agus mothúcháin a phlé, m.sh. amhránaí is fearr agus an fáth go dtaitníonn a chuid ceoil leis

  5. 1.26

    Drámaíocht nó damhsa a úsáid chun fíorchúrsaí agus cúrsaí samhailteacha a fhiosrú

Teicneolaíoch taí oiriúnacha a úsáid i gcomhair réimse críocha
  1. 1.27

    Trí ghnáthúsáid laethúla na teicneolaíochta a shainaithint, m.sh. don fhoghlaim, don obair, agus don spraoi

  2. 1.28

    Teicneolaíocht a úsáid a bhfuil trí fheidhm nó níos lú aige go pearsanta, sa bhaile agus ar scoil/ag an obair, m.sh. teicneolaíochtaí cúnta, fón póca (uimhreacha réamhríomhchláraithe), gléas fótachóipeála, ríomhaire, ceamara, seinnteoir DVD/físeán, fearais tí

  3. 1.29

    Teicneolaíocht a úsáid chun cumarsáid a dhéanamh le linn gníomhaíochta le daoine eile

  4. 1.30

    Píosa trealaimh nua TFC a úsáid

  5. 1.31

    Ríomhaire pearsanta a chasadh ar siúl agus a mhúchadh go sábháilte, m.sh. na céimeanna chun ríomhaire a dhúnadh síos a leanúint

  6. 1.32

    Na siombailí eolais ar an deasc a shainaithint, m.sh. siombail Internet Explorer

  7. 1.33

    Eochracha a úsáidtear go minic a úsáid mar is cuí

  8. 1.34

    Pacáiste bogearraí a úsáid, lena gcuimsítear pacáiste a oscailt, téacs/íomhá/sonraí a iontráil agus a láimhseáil, sábháil go comhad, priontáil agus scoir go sábháilte, m.sh. fáisc-ealaín, doiciméad Word, cur i láthair leictreonach

  9. 1.35

    Rochtain a fháil ar réimse suíomhanna gréasáin, m.sh. scoilnet, suíomhanna gréasáin a bhfuil spéis phearsanta ag an scoláire iontu

  10. 1.36

    Eolas i gcomhair tionscadail a aimsiú ar an ngréasán

  11. 1.37

    Ríomhphost a sheoladh agus a oscailt

Tá níos mó i gceist leis an uimhearthacht ná fothacar na matamaitice. Is scil saoil í ina leagtar béim ar an réasúnaíocht agus déanamh céille. Tá sí fite fuaite san fhoghlaim agus ina taca di tríd an gcuraclam.
 San aonad seo féachtar ar an gcaoi gur féidir leis an scoláire feasacht ar phatrúin agus ar ghaolta i gcruthanna agus in uimhreacha a fhorbairt, mar aon le scileanna meastóireachta agus tomhais. Meastar gur cuid lárnach den aonad é cumas an scoláire chun fadhbanna a réiteach freisin.
 Scil saoil laethúil is í an uimhearthacht a bhfuil feidhm shuntasach aici sa bhaile agus i saol an phobail, mar aon le i réimse an fhoráis agus an ghaisce acadúil.
 
San aonad seo, baintear úsáid as raon leathan d’eispéiris ón saol mar atá, rud a chabhraíonn leis an scoláire eolas agus tuiscint a fhorbairt i raon topaicí, mar shampla uimhreas, cruthanna, spás, airgead, am agus tomhas.


 

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
Airgead a bhainistiú
  1. 2.1

    Nótaí agus boinn Euro a úsáidtear go minic a aithint

  2. 2.2

    Íoc as mír i gceart agus an sóinseáil a chomhaireamh in idirbheart siopadóireachta samplach nó réalaíoch

  3. 2.3

    Admháil siopadóireachta a mhíniú maidir leis an méid a ceannaíodh, an t-airgead a tugadh agus an sóinseáil cheart a tugadh

  4. 2.4

    Bille comónta tí a thuiscint maidir leis an tseirbhís a soláthraíodh, an táille a gearradh agus an chaoi gur féidir íoc as

  5. 2.5

    An difríocht idir airgead a úsáid chun earraí riachtanacha agus só-earraí a cheannach a aithint

  6. 2.6

    Buiséad pearsanta a ullmhú don tseachtain

  7. 2.7

    Méid beag airgid a shábháil gach seachtain chun earra a cheannach

Feasacht faoi uimhreas a fhorbairt
  1. 2.8

    Uimhreacha suas le 100 a aithint in N, m.sh. an méid náideanna i ndeicheanna, céadta a bheith ar eolas

  2. 2.9

    Ionadluach a aithint i ndáil le haonaid, deicheanna agus céadta, m.sh. an méid náideanna i ndeicheanna, céadta a bheith ar eolas

  3. 2.10

    Slánuimhreacha dhá dhigit a bhfuil iomlán níos lú ná 100 acu a shuimiú i gcomhthéacs an ghnáthshaoil

  4. 2.11

    Slánuimhreacha dhá dhigit a dhealú i gcomhthéacs an ghnáthshaoil

  5. 2.12

    Cainníochtaí a mheas go dtí an luach is gaire i dtéarmaí leathana, m.sh. go dtí an chainníocht is gaire i ndeicheanna nó i gcéadta mar is cuí

Feasacht faoi theocht a fhorbairt
  1. 2.13

    Focail chuí a úsáid chun cur síos a dhéanamh ar theocht, m.sh. te agus fuar

  2. 2.14

    Ionstraimí a úsáidtear chun teocht a léiriú agus a choigeartú a shainaithint, m.sh. teirmiméadar, diaileanna oighinn mharcáilte

  3. 2.15

    Teochtaí a cheangal le gnáthchásanna laethúla, m.sh. teas i seomra ranga

  4. 2.16

    Teochtaí cuí a aimsiú ar dhiail cócaireáin, m.sh. gásmharc 4, 200 céim Celsius

  5. 2.17

    Comparáid a dhéanamh idir teochtaí ag amanna éagsúla den bhliain, m.sh. te sa samhradh agus fuar sa gheimhreadh, cuntas simplí aimsire a choinneáil

Feasacht faoi mheáchan agus acmhainn a fhorbairt
  1. 2.18

    Foclóir cuí a úsáid chun cur síos a dhéanamh ar aonaid meáchain agus acmhainne, m.sh. lítear, 500ml, cileagraim, graim (pictiúrtha nó coincréideach)

  2. 2.19

    Na marcanna i gcomhair aonad meáchain agus acmhainne a shainaithint, m.sh. crúiscín tomhais a úsáid, meá a úsáid

  3. 2.20

    Roinnt samplaí de mheáchan agus acmhainn a liostú ón ngnáthshaol, m.sh. a mheáchan féin a bheith ar eolas, lítear bainne

  4. 2.21

    Soitheach grádaithe a úsáid chun acmhainn leachtanna a oibriú amach, m.sh. crúiscín a úsáid chun lítear bainne a thomhas

  5. 2.22

    Meá a úsáid chun meáchan púdar agus solad a oibriú amach, m.sh. na comhábhair le haghaidh cáca a thomhas

Feasacht faoi fhad agus achar a fhorbairt
  1. 2.23

    Foclóir cuí a úsáid chun cur síos a dhéanamh ar na haonaid faid agus achair, m.sh. ciliméadair, méadair, ceintiméadair

  2. 2.24

    Na haonaid faid agus achair a shainaithint ar rialóir, ar mhéadarshlat agus ar mhiosúr

  3. 2.25

    Rialóir a úsáid chun faid dhifriúla línte a tharraingt agus a thomhas

  4. 2.26

    Fad gnáthrudaí a mheas, m.sh. fad leabhair

  5. 2.27

    Fad gnátháiteanna a thomhas, m.sh. seomra leapa, cistin, seomra ranga agus miosúr á úsáid

Áireamhán a úsáid
  1. 2.28

    Na digití 0-9 agus an pointe deachúlach agus cnaipí riachtanacha oibríochtaí (+, -, ÷, =) a aimsiú ar áireamhán

  2. 2.29

    Áireamhán a úsáid chun fadhbanna simplí a réiteach, m.sh. dhá rud a shuimiú

  3. 2.30

    Áireamhán a úsáid chun saothar a cheartú a ndearnadh gan áireamhán a úsáid

  4. 2.31

    Áireamhán a aimsiú agus a úsáid ar fhón póca chun an méid a chosnóidh roinnt earraí ar thuras siopadóireachta a oibriú amach

Feasacht spáis a fhorbairt
  1. 2.32

    Foclóir cuí a úsáid chun cur síos a dhéanamh ar threo, m.sh. deiseal, tuathal, cothrománach, ceartingearach

  2. 2.33

    Léarscáil shimplí a úsáid chun suíomh ar leith a aimsiú

  3. 2.34

    Léarscáil shimplí a tharraingt chun treoracha a thabhairt

  4. 2.35

    An fad idir dhá áit ar léarscáil a ríomh

  5. 2.36

    An corp nó baill den chorp a úsáid chun bogadh i dtreo ar leith

  6. 2.37

     Réimse rudaí a bhogadh i dtreonna ar leith

Sonraí a úsáid i gcomhair réimse críocha éagsúla
  1. 2.38

    Feidhmeanna sonraí sa ghnáthshaol a shainaithint, m.sh. suirbhé ranga ar an scannán is mó a thaitníonn le déagóirí
     

  2. 2.39

    Modhanna bunúsacha chun sonraí a bhailiú a shainaithint, m.sh. leatháin taifid, córas scóir

  3. 2.40

    Réimse sonraí a bhailiú agus úsáid á bhaint as: suirbhé, leathán taifid, córas scóir nó taifid closamhairc

  4. 2.41

    Sonraí bunúsacha ar dhá chritéar a léirmhíniú, m.sh. níos mó/lú aicme amháin ná aicme eile, níos mó/lú

  5. 2.42

    Léirithe bunúsacha a chur le chéile chun sonraí le dhá chritéar a chur in iúl, m.sh. picteagram/barrachairt a tharraingt

  6. 2.43

     Labhairt faoi eolas nó é a phlé ó shonraí bunúsacha, m.sh. picteagram, barrachairt nó treoghraf

Cruthanna a úsáid
  1. 2.44

    Cruthanna 2T agus 3T atá coitianta sa ghnáthshaol a ainmniú, m.sh. ciorcail, dronuilleoga, ciúbanna,  sorcóirí agus sféir

  2. 2.45

    Líne a roinnt in dhá mhírlíne chothroma gan tomhas a dhéanamh, m.sh. trí fhilleadh a dhéanamh
     

  3. 2.46

    Aiseanna siméadrachta cruthanna agus figiúirí coitianta 2T a aimsiú trí fhilleadh a dhéanamh, agus iad a mharcáil

  4. 2.47

    Airíonna cruthanna coitianta 2T agus foirmeacha 3T a liostú, m.sh. líon na n-aghaidheanna, faobhar

  5. 2.48

    Cruthanna agus foirmeacha 2T agus 3T a chur in eagar de réir méide

Feasacht ama a fhorbairt
  1. 2.49

    An t-am a léamh ar chlog analógach ar an uair, an leathuair agus an ceathrú huair

  2. 2.50

     An t-am a léamh ar chlog dhigiteach ar an uair, an leathuair agus an ceathrú huair

  3. 2.51

    Amanna tábhachtacha i rith an lae a shainaithint, ar an uair, an leathuair agus an ceathrú huair, m.sh. sosanna lóin, sceideal físe a úsáid

  4. 2.52

    Fadhbanna chun imeacht ama a réiteach, m.sh. am tosaithe agus críochnaithe a úsáid chun an tachar aistir nó cláir a ríomh, achar cláir ar leith a ríomh

  5. 2.53

    Lá nó dáta ar leith a aimsiú ar fhéilire nó ar amchlár, m.sh. mo bhreithlá

  6. 2.54

    Míonna nó gníomhaíochtaí a mheaitseáil leis na séasúir, m.sh. pictiúir de na séasúir a mheaitseáil leis na míonna cuí

Baineann an t-aonad seo le forbairt phearsanta an scoláire. Déileáiltear le sláinte agus folláine an scoláire ann, lena gcuimsítear réimsí ar nós gnásanna bia shláintiúil agus nósanna maireachtála sláintiúla. Baineann sé leis an scoláire a chumasú le bheith a neamhspleáiche is féidir maidir lena riachtanais chúraim phearsanta. San áireamh leis sin beidh feasacht faoi ghnéasacht, an strus a láimhseáil, agus conas a bheith sábháilte i réimse comhthéacsanna.

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
Cúram maith pearsanta laethúil a fhorbairt
  1. 3.1

    Cleachtais riachtanacha cúram pearsanta laethúla a shainaithint, m.sh. na fiacla a scuabadh

  2. 3.2

    Cur síos a dhéanamh ar na bealaí is tábhachtaí chun an corp a choinneáil glan, m.sh cithfholcadh nó folcadh a thógáil

  3. 3.3

    Roinnt buntáistí a bhaineann le cúram maith pearsanta a shainaithint, m.sh. mairfidh na fiacla níos faide má scuabtar iad

  4. 3.4

    Buntáistí réimse táirgí cúraim phearsanta laethúil a mhíniú, m.sh. táirgí cúram fiacla, frithallasáin, cúram gruaige, cúram cosa

  5. 3.5

    Plean comhaontaithe cúraim phearsanta a choinneáil, m.sh. gach lá scuabfaidh mé m’fhiacla faoi dhó (ar maidin agus sa tráthnóna)

  6. 3.6

    Dhá nó trí chúis a lua chun aire a thabhairt d’earraí pearsanta, m.sh. má nitear éadaí, mairfidh siad níos faide

  7. 3.7

    Éadaí cuí a shainaithint le haghaidh réimse gnáthghíomhaíochtaí ag an mbaile, ag an obair agus sa phobal, m.sh. amanna i rith na seachtaine scoile a bhfuil gá le héadaí ar leith a aibhsiú, pictiúir d’éidí chun liosta gníomhaíochtaí a dhéanamh a mheaitseáil

Gnásanna bia shláintiúil a fhorbairt
  1. 3.8

    Bianna coitianta a chur in eagar de réir grúpa bia, m.sh. torthaí/glasraí, feoil/éisc, déirí

  2. 3.9

    Cur síos a dhéanamh ar bhianna agus deochanna coitianta a bhaineann le haiste bia chothrom, m.sh. torthaí agus glasraí a ithe

  3. 3.10

    Cur síos a dhéanamh ar iarmhairtí aiste bia mhaith, m.sh. croí sláintiúil, cnámha láidre, craiceann glan, sláinte fiacla

  4. 3.11

    Páirt a ghlacadh in ullmhúchán béilí sláintiúla, m.sh. bricfeasta agus lón/dinnéar

  5. 3.12

    Gnáthchleachtais shábháilte a shainaithint a bhaineann le hullmhúchán agus stóráil bia, m.sh. lámha a ní, feoil amh/chócaráilte a scaradh ó chéile i gcuisneoir sa bhaile

  6. 3.13

    Cleachtais sláinteachais agus sábháilteachta bia cuí a thaispeáint, m.sh. eangach ghruaige a úsáid, cuntar oibre a ghlanadh sula n-úsáidtear arís é

Nós maireachtála sláintiúil a fhorbairt
  1. 3.14

    Trí bhuntáiste phearsanta na haclaíochta rialta a shainaithint, m.sh. meáchan sláintiúil, ag brath go maith agus spraoi

  2. 3.15

    Breac-chuntas a thabhairt ar phlean aclaíochta seachtainiúil pearsanta, m.sh. ag siúl ar scoil gach lá, spórt a imirt, loga seachtainiúil aclaíochta a choimeád de ghníomhaíochtaí

  3. 3.16

    Prionsabail an chleachtais shábháilte aclaíochta a thaispeáint, m.sh. téamh suas, fuarú, bróga agus éadaí cuí a chaitheamh

  4. 3.17

    Gnáthamh aclaíochta a choinneáil i dtimpeallacht dea-struchtúrtha, m.sh. aclaíocht a chur i gcrích le linn an ranga corpoideachais

  5. 3.18

    An chaoi a gcuireann an bia a ithimid lenár sláinte a mhíniú

  6. 3.19

    Dhá shampla de roghanna nósanna maireachtála a théann i bhfeidhm ar ár sláinte a thabhairt, m.sh. má itear an iomarca saille, cuirfear meáchan suas

  7. 3.20

    Raon staideanna mothúchánacha agus fisiceacha a shainaithint, m.sh. raon íomhánna a úsáid chun raon staideanna mothúchánacha agus fisiceacha a shainaithint

Bheith in ann an strus a láimhseáil
  1. 3.21

    Cur síos a dhéanamh ar chásanna scoile/pearsanta/pobail atá strusmhar

  2. 3.22

    Roinnt de na comharthaí struis a aithint

  3. 3.23

    Roinnt bealaí chun scíth a ligean a shainaithint, m.sh. téigh ag siúl, féach ar scannán

  4. 3.24

    Teicníc scíthe a thaispeáint, m.sh. anáil dhomhain a tharraingt

  5. 3.25

     Raon teicnící scíthe a chleachtadh i bhfíorchúinsí saoil, m.sh. am a thógáil chun taitneamh gníomhach a bhaint  as an timpeallacht thart timpeall, cleachtaí análaithe i scuainí

  6. 3.26

     Raon cásanna ina mbíonn an cumas scíth a ligean ina chabhair a shainaithint, m.sh. gan fhios a bheith agat cad atá  ag tarlú ina dhiaidh sin sa rang

Eolas ar chonas bheith sábháilte
  1. 3.27

     Rioscaí sábháilteachta tábhachtacha a shainaithint san ionad oibre/sa bhaile/sa phobal, m.sh. cáblaí sraoilleacha, plocóidí, teilifís agus  fearais leictreacha

  2. 3.28

    A thuiscint nuair atá sábháilteacht phearsanta faoi bhagairt, m.sh. bulaíocht/ciapadh

  3. 3.29

     Cleachtais laethúla a chuireann sábháilteacht phearsanta chun cinn a ainmniú, m.sh. trasrian coisithe a úsáid, fearais leictreacha  a dhícheangal san oíche, leachtanna teo a dhoirteadh isteach tar éis leachtanna fuara, éadaí/lámhainní cosantacha a chaitheamh,  comhairle a lorg

  4. 3.30

    Cur síos a dhéanamh ar fhreagra cuí nuair a shainaithnítear riosca, m.sh. slí amach shábháilte a aimsiú, teagmhálaí/eagraíocht, cleachtadh dóiteáin a fhreagairt, labhair faoi / liostaigh na céimeanna ar chóir duit a leanúint má fheictear tine

Bheith feasach ar do ghnéasacht
  1. 3.31

    Gnáthainmneacha na ngnéasorgán a shainaithint, m.sh. clár coirp nó áiseanna amhairc cuí eile  a úsáid 

  2. 3.32

    Cur síos a dhéanamh ar fheidhmeanna chodanna gnéis an choirp, m.sh. clár coirp nó áiseanna amhairc cuí  eile a úsáid

  3. 3.33

    Na hathruithe fisiceacha agus mothúchánacha a tharlaíonn i gcailíní agus i mbuachaillí le linn na hógántachta a aithint 

  4. 3.34

    An difríocht idir bealaí cuí agus míchuí chun mothúcháin a chur in iúl a aithint

  5. 3.35

    An difríocht idir cairdeas agus caidreamh níos dlúithe a aithint

Mothúcháin a aithint
  1. 3.36

    IGnáthmhothúcháin agus na focail ghaolmhara a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh orthu a shainaithint

  2. 3.37

     A fhreagraí mothúchánacha féin ar réimse cásanna a aithint, m.sh. sásta, brónach, mífhoighneach, feargach,  trí chéile

  3. 3.38

    Cur síos a dhéanamh ar bhealaí cuí chun mothúcháin a chur in iúl

  4. 3.39

     Mothúcháin daoine eile a aithint, m.sh. eolas faoi cad a chuireann trí chéile é/í, feasacht go bhféadfadh sé go mbeadh daoine eile sa seomra trí chéile  má tá tusa trí chéile

  5. 3.40

    Freagair ar bhealach cuí ó thaobh mothúcháin de i gcás ar leith, m.sh. faigheann cara drochscéal

Cinntí pearsanta a dhéanamh
  1. 3.41

    Príomhluachanna i saol an scoláire a liostú

  2. 3.42

    Cur síos a dhéanamh ar an gcaoi atá nasc idir luachanna agus cinntí a dhéanamh i réimse cásanna, m.sh. cuimhnigh ar phiarbhrú, 
     iarmhairtí féideartha, eolas iontaofa a bheith agat, staid fhisiceach/mhothúchánach, ionchais shóisialta

  3. 3.43

     Liosta a dhéanamh de na rudaí agus daoine a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar chinnteoireacht

  4. 3.44

    Na roghanna agus iarmhairtí a bhaineann le cinneadh gearrthéarmach a bhfuiltear ar tí a dhéanamh a shainaithint

  5. 3.45

    Iarmhairtí cinntí a rinneadh a fhiosrú, a fhad is atáthar á gcur i bhfeidhm agus nuair a chuirtear i gcrích iad araon, m.sh. stad den chaitheamh, meáchan a chailleadh, airgead a shábháil

San aonad seo, cabhraítear leis an scoláire straitéisí a fhorbairt chun caidrimh dhearfacha a bhunú agus a choinneáil leis na daoine thart timpeall air. Áirítear ar na gnéithe bheith in ann déileáil le coimhlint agus conas cabhair agus comhairle a lorg. Féachtar ar phobal áitiúil an scoláire freisin agus úsáid na náiseanna áitiúla atá ar fáil dó.

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
Caidrimh dhearfacha a chothú
  1. 4.1

    Cineálacha éagsúla caidreamh a aithint, m.sh. tuismitheoir/páiste, scoláire/múinteoir, scoláire/scoláire

  2. 4.2

    Cásanna ina labhraíonn daoine ar shlí dhifriúil ag brath ar an lucht éisteachta a shainaithint, m.sh. piaraí, múinteoirí, tuismitheoirí, daoine fásta eile

  3. 4.3

    Bealaí ina bhféadann maslaithe agus magadh a bheith mailíseach duit féin agus do dhaoine eile a liostú

  4. 4.4

     Bealaí inar mhaith leis go gcaithfí leis a aithint/liostú

  5. 4.5

    Cur síos a dhéanamh ar bhealaí chun cairde a dhéanamh agus a choinneáil, m.sh. tréithe a shainaithint atá ag teastáil/nach bhfuil ag teastáil i gcairdeas

  6. 4.6

    Páirt a ghlacadh go comhoibríoch i ngrúpa

  7. 4.7

    An tábhacht a bhaineann le meas i gcaidrimh a aithint

Coimhlint a réiteach
  1. 4.8

    Cur síos a dhéanamh ar a bhfuil i gceist le piarbhrú, samplaí a thabhairt den phiarbhrú agus bealaí chun déileáil leis a mholadh

  2. 4.9

    Cur síos a dhéanamh ar bhealaí chun déileáil le piarbhrú, m.sh. rólghlacadh a dhéanamh ar chásanna coimhlinte idir cairde agus   conas iad a réiteach

  3. 4.10

    An cumas chun idirbheartaíocht a dhéanamh le piaraí a thaispeáint, m.sh. trealamh a roinnt  

  4. 4.11

    Cur síos a dhéanamh ar shaintréithe an iompair bulaíochta

  5. 4.12

    Cur chuige na scoile maidir le déileáil le hiompar bulaíochta a shainaithint, m.sh. bheith curtha chuig   oifig an phríomhoide, cairt iompair a úsáid

  6. 4.13

    Na céimeanna chun déileáil leis an gcoimhlint a shainaithint, m.sh. stop agus ná cuir in éadan ar an bpointe, éist le comhairle ó dhuine fásta

Áiseanna áitiúla a úsáid
  1. 4.14

    Bealaí chun am saor a chaitheamh a liostú

  2. 4.15

    Áiteanna agus eagraíochtaí coitianta sa phobal áitiúil a shainaithint

  3. 4.16

    Idirdhealú a dhéanamh idir na rudaí atá saor agus a bhfuil táille orthu sa phobal áitiúil

  4. 4.17

    Páirt a ghlacadh i dtionscadal pobail atá bunaithe sa scoil agus an rannpháirtíocht sin a thaifeadadh, m.sh. feachtas bruscair

Cúnamh agus comhairle a lorg
  1. 4.18

    Na gníomhaireachtaí ábhartha a thugann tacaíocht agus comhairle don phobal a ainmniú, m.sh. Ionad Faisnéise do Shaoránaigh, ionad faisnéise áitiúil

  2. 4.19

    Cur síos a dhéanamh ar chur chuige na scoile chun eachtra a thuairisciú, m.sh. má tá bulaíocht á déanamh ort

  3. 4.20

    Liosta gearr de dhaoine nó de ghrúpaí a d’fhéadfadh tacaíocht a chur ar fáil a chur le chéile, teagmhálaithe pearsanta  agus grúpaí/eagraíochtaí san áireamh

  4. 4.21

     Cur síos a dhéanamh ar chonas teagmháil a dhéanamh le réimse daoine nó eagraíochtaí sa cheantar áitiúil atá in ann cúnamh agus comhairle a chur ar fáil, m.sh. stáisiún áitiúil na nGardaí

  5. 4.22

    Cuairt a thabhairt ar eagraíocht pobail áitiúil agus comhairle a lorg

Roghanna tomhaltóra a dhéanamh
  1. 4.23

    Dhá eagraíocht a oibríonn ar son tomhaltóirí a liostú

  2. 4.24

    Cur síos a dhéanamh ar chásanna inar gá earra a thabhairt ar ais chuig siopa

  3. 4.25

    Cur síos a dhéanamh ar a bhfuil i gceist le barántas

  4. 4.26

    Lipéid ar phacáistí, éadaí srl. a shainaithint

  5. 4.27

    Na comharthaí agus na siombailí is tábhachtaí ar lipéid a aithint

  6. 4.28

     Gearán a scríobh nó gearán a dhéanamh ó bhéal i gcás bréige

Leis an aonad Ullmhú don Obair, cabhraítear leis an scoláire an t-aistriú a dhéanamh ón scoil go dtí an breisoideachas, an oiliúint nó an fhostaíocht. Dírítear ar an scoláire a ullmhú don saol oibre trí ghníomhaíochtaí ar nós curriculum vitae a fhorbairt agus na seirbhísí éagsúla sa phobal áitiúil a shainaithint chun scileanna nua neamhspleácha a bhaint amach, mar shampla an cumas chun iompar poiblí a úsáid. Féachtar freisin ar an gcaoi gur féidir leis an scoláire scileanna sláinte agus sábháilteachta a fhorbairt agus spriocanna a shocrú don fhoghlaim.

Samplaí de ghníomhaíochtaí atá bainteach le hobair. Is féidir réimsí eile gairme a roghnú   Gairneoireacht
 • Roinnt crann agus tor coitianta a shainaithint
 • Raon uirlisí agus trealamh garraíodóireachta coitianta a úsáid
 • Dialann garraíodóireachta a choinneáil, na tascanna á logáil
 
• Na coinníollacha a chabhraíonn le plandaí fás agus teacht go maith a ainmniú
 • Cur síos a dhéanamh ar na ceithre phríomhchéim de shaolré planda
 • Cur síos a dhéanamh ar roinnt feidhmeanna de dhuilleog planda
 • Cleachtais shábháilte oibre a thaispeáint sa ghairdín
 Páirt a ghlacadh i mionfhiontar
 • Cinneadh a dhéanamh faoi tháirge nó seirbhís
 • Na tascanna a shainaithint agus róil a shannadh
 • Maoiniú a fháil d’ábhair chearta trí scaireanna a dhíol
 • Idirbhearta airgeadais a thaifeadadh
 • Táirge a tháirgeadh nó seirbhís a chur i gcrích
 • Fógra a chruthú le haghaidh an táirge nó na seirbhíse
 • An táirge nó an tseirbhís a dhíol
 • Athbhreithniú ar an bhfiontar a chur i gcrích 
 
 
Ócáid scoile a phleanáil
 • Na tascanna éagsúla a bhaineann leis an ócáid a phleanáil a shainaithint
 • Cuirí agus póstaeir a dhéanann fógraíocht ar an ócáid a dhearadh
 • Buiséad a bhunú agus oibriú laistigh de
 • Sólaistí a phleanáil agus a ullmhú
 Turas lae a eagrú
 • Ceann scríbe a shainaithint
 • Cead a lorg ón bPríomhoide
 • Cead a fháil ó thuismitheoirí/chaomhnóirí Plean turais a chruthú don lá • Gnás éigeandála má chailltear duine éigin a shainaithint
 • Glao a chur ar an ionad agus socruithe a dhéanamh don chuairt
 • Iompar a eagrú don lá
 • Imeachtaí an lae a thaifeadadh trí cheamara nó físcheamara a úsáid
 • Athbhreithniú ar an turas lae a scríob

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
Bheith in ann spriocanna a shocrú don fhoghlaim
  1. 5.1

    Spriocanna foghlama a shocrú, m.sh. faoi dheireadh na seachtaine seo críochnóidh mé mo leabhar

  2. 5.2

    Plean foghlama a chruthú lena n-áirítear na céimeanna agus an tréimhse is gá chun é a chríochnú. An plean a nascadh le plean oideachais don scoláire aonair, m.sh. gach oíche léifidh mé leathanach de mo leabhar 

  3. 5.3

    An plean a chur i bhfeidhm, m.sh. ar feadh seachtaine

  4. 5.4

    Tuairimí a chur in iúl faoin gcaoi gur féidir feidhmíocht a fheabhsú, m.sh. an chéad uair eile tabharfaidh mé níos mó ama dom féin   chun an sprioc a bhaint amach

Fáil amach faoin obair
  1. 5.5

    Poist éagsúla a dhéanann daoine sa scoil a shainaithint, m.sh. ról an mhúinteora, an airígh agus  rúnaí na scoile

  2. 5.6

    Trí dheis fostaíochta áitiúla a liostú

  3. 5.7

    Cur síos a dhéanamh ar bhealach amháin ina bhfaigheann daoine post nó a rogha cúrsa, m.sh. ó nuachtán,   eolas ó choláiste

  4. 5.8

    Poist féideartha a bhfuil spéis aige ann a liostú agus eolas a aimsiú faoi riachtanais   na bpost

  5. 5.9

    Cuairt a thabhairt ar fhostóir áitiúil agus an chuairt a athbhreithniú, m.sh. dhá rud nua a foghlaimíodh a ainmniú

  6. 5.10

    Bealaí éagsúla a úsáid chun seiceáil le haghaidh fógraí post, m.sh. nuachtáin áitiúla, suíomhanna gréasáin,   fógra teilifíse

Ag réiteach do ghníomhaíocht a bhaineann le hobair
  1. 5.11

    Na tallanna atá aige féin a shainaithint agus a liostú

  2. 5.12

    Curriculum vitae a chruthú le próifíl phearsanta, oideachas agus sonraí taithí oibre san áireamh

  3. 5.13

    Páirt a ghlacadh in agallamh gearr, m.sh. agallamh poist bréige le múinteoir

  4. 5.14

    Taifead poncúlachta agus tinrimh a choinneáil ar feadh míosa, m.sh. scála 1-10 a úsáid, is féidir leis an scoláire taifead a dhéanamh má tá sé in am don scoil, don rang agus má fhreastalaíonn sé ar scoil go rialta

  5. 5.15

    Tascanna sonracha a dhéanamh i réimse ról sa scoil, m.sh. cláir tinrimh a thabhairt chuig an oifig, ábhair an tseomra ranga a chur in eagar mar is cuí

  6. 5.16

    Taifead a choinneáil de na tascanna a cuireadh i gcrích i ndialann, m.sh. amanna tosaithe agus críochnaithe an taisc, cur síos a dhéanamh ar na céimeanna sa tasc

Feasacht faoi shláinte agus sábháilteacht maidir le trealamh a úsáid a fhorbairt
  1. 5.17

    Samplaí a thabhairt de chleachtais shábháilte i dtrí ionad oibre ar leith, m.sh. spéaclaí cosanta a chaitheamh sa rang miotalóireachta

  2. 5.18

    Gach uirlis agus trealamh a úsáid i gceart agus go sábháilte i réimse ranganna praiticiúla, m.sh. an claibín a chur ar ais ar aon leacht

  3. 5.19

    Cur síos a dhéanamh ar threalamh leictreach agus é a úsáid i gceart agus go sábháilte i réimse ranganna praiticiúla, m.sh. meascthóir a úsáid sa rang eacnamaíocht bhaile

  4. 5.20

    Gach uirlis, ábhar agus trealamh a stóráil go sábháilte

  5. 5.21

    Na gnásanna difriúla maidir le féinchosaint ag an obair a liostú, m.sh. éadaí cosanta nó eangach ghruaige a chaitheamh

  6. 5.22

    Na bealaí éalaithe dóiteáin ar scoil a shainaithint, m.sh. léarscáil den scoil a tharraingt, na bealaí éalaithe dóiteáin a aimsiú

  7. 5.23

    Na treoracha i gcleachtadh dóiteáin a leanúint, m.sh. páirt a ghlacadh i gcleachtadh dóiteáin

Páirt a ghlacadh i ngníomhaíoch t a bhaineann le hobair
  1. 5.24

    Eolas cúlra a bhailiú chun cabhrú le pleanáil na gníomhaíochta agus páirt a ghlacadh ann

  2. 5.25

    Roinnt céimeanna atá le déanamh chun an ghníomhaíocht a chur i gcrích go rathúil a chur in ord

  3. 5.26

    Ról a ghlacadh sa ghníomhaíocht agus tascanna a bhfuil baint acu leis an ról a shainaithint

  4. 5.27

    Eochairfhocail a bhaineann leis an ngníomhaíocht a úsáid i gceart

  5. 5.28

    Gnásanna sábháilteachta agus/nó ceadanna is gá don ghníomhaíocht a shainaithint

  6. 5.29

    Foghlaim conas uirlisí nó trealamh a bhaineann leis an ngníomhaíocht a úsáid go sábháilte agus i gceart

  7. 5.31

    An ghníomhaíocht a athbhreithniú chun a rath a mheasúnú

  8. 5.32

    Éifeachtúlacht a ról féin sa ghníomhaíocht a mheasúnú

  9. 5.30

    Páirt a ghlacadh sa ghníomhaíocht

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.