Measúnú a dhéanamh ar fhianaise ar fhoghlaim in CFL2anna
Nuair a chríochnaítear an clár foghlama sin, táthar ag súil go gcuirfidh an scoláire fianaise i láthair gur bhain sé amach go rathúil na gnéithe agus na torthaí foghlama lorgtha. Is féidir an fhianaise a chur i láthair i gceann ar bith de na foirmeacha nó na meáin thuas. Beidh Gnéithe Cáilíochta, is é sin na critéir ratha trína ndéantar measúnú ar obair an scoláire, in éindí leis an bhfianaise foghlama. Leagfar amach iontu na rudaí ba cheart a áireamh/a chur in iúl san fhianaise lena léiriú gur éirigh leis an scoláire an toradh/na torthaí foghlama ábhartha a bhaint amach.
Leagtar amach sampla d’fhianaise ar mheasúnú a bhailiú, lena n-áirítear critéir ratha, sa Bhileog Mheasúnaithe Breathnóireachta seo a leanas.
Measúnú
Bileog Bhreathnóireachta/Mheasúnaithe an Mhúinteora sa tSraith Shóisearach
Ainm an scoláire: Rang: Múinteoir:
Torthaí foghlama i bhfócas: Cá raibh an scoláire ag obair? Seomra Ranga/Pobal
Cód |
Aonad Tosaíochta Foghlama (ATF) |
Uimhearthacht |
Roghnach: mar shampla cód tagartha fianaise nó cód pleanála/taifid múinteora |
Gné: |
Áireamhán a úsáid |
Toradh Foghlama: |
Áireamhán a aimsiú agus a úsáid ar fhón póca chun an méid a chosnóidh roinnt earraí ar thuras siopadóireachta a ríomh |
Cód |
Aonad Tosaíochta Foghlama (ATF) |
Uimhearthacht |
Gné: |
Airgead a bhainistiú |
|
Toradh Foghlama: |
Íoc as earra i gceart in idirbheart réalaíoch siopadóireachta. |
Cód |
Aonad Tosaíochta Foghlama (ATF) |
Cónaí i bpobal |
Gné: |
Áiseanna áitiúla a úsáid |
|
Toradh Foghlama: |
Áiteanna agus eagraíochtaí aitheanta sa phobal áitiúil a shainaithint |
Gníomhaíocht Mheasúnaithe:
Turas chuig siopa caife
Critéir Ratha:
Céard atá tú ag iarraidh a bheith ar chumas an scoláire a dhéanamh?
• Áit sa phobal a shainaithint agus a roghnú chun cuairt a thabhairt uirthi ó 3 ghrianghraf/íomhá/rogha scríofa.
• Aip áireamháin a aimsiú ar an bhfón chun roghanna bia agus dí scoláire a shuimiú i gcaifé roghnaithe.
• An nóta ceart a fháil as a sparán le híoc as na rudaí a roghnaigh sé, bunaithe ar an suimiú.
Breathnuithe:
Tá fianaise ar an méid seo a leanas...
Roghnaigh Páidí caifé sa cheantar ar an bpainéal idirghníomhach ó rogha de 3 íomhá go neamhspleách. Thaistealaíomar go dtí an caifé agus theastaigh leid ó Pháidí an fón a bhaint amach. Bhí sé ábalta teacht ar an aip áireamháin go neamhspleách ach theastaigh cabhair uaidh chun na digití cearta a chur isteach tar éis a bhia agus deoch a roghnú (pota tae agus scóna le subh agus uachtar agus im!). Thóg Páidí amach a sparán nuair a iarradh an t-airgead air agus d’íoc sé le nóta €5. Leid ó bhaill foirne ag teastáil chun athrú go nóta €10.
Na chéad chéimeanna eile/Aiseolas don scoláire:
Obair ar dhigití a chur isteach san fhón. Slánú chuig praghas níos airde chun an nóta cuí a roghnú.
Fianaise a Bailíodh:
Grianghraif:
Taifeadadh físe:
Síniú: Dáta:
Is féidir fianaise ar an bhfoghlaim a chothú trí raon leathan modhanna measúnaithe agus i réimse foirmeacha. Leagtar amach i bhFíor 2 an próiseas trína gcothaítear, trína mbailítear agus trína mbreithnítear fianaise ar an bhfoghlaim.