Úsáideann CNCM fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí bhrabhsála is fearr is féidir ar ár suíomh gréasáin. Má aontaíonn tú gur féidir linn fianáin a stóráil agus a úsáid cliceáil “Glac & Dún” nó féadfaidh tú d’fhianáin a bhainistiú anseo.Manage Cookies

Amharc-ealaín

Amharc-ealaín

Don chúrsa Oideachas Ealaíon, caithfear dhá mhodúl a chur i gcrích idir Dhamhsa, Dhrámaíocht, Cheol nó Amharc-ealaín nó aon mheascán díobh sin. Tá dhá mhodúl sa chúrsa Amharc-ealaíne: Pearsantacht agus Féiniúlacht agus An Timpeallacht Áitiúil. Sa dá mhodúl, tugann an scoláire faoi thaighde, déanann sé tagairtí comhthéacsúla, cleachtann sé smaointe a dhéanamh agus a fhorbairt, agus cleachtann sé machnamh agus measúnú ar chleachtas.