Úsáideann CNCM fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí bhrabhsála is fearr is féidir ar ár suíomh gréasáin. Má aontaíonn tú gur féidir linn fianáin a stóráil agus a úsáid cliceáil “Glac & Dún” nó féadfaidh tú d’fhianáin a bhainistiú anseo.Manage Cookies

Ceardaíocht agus Dearadh

Ceardaíocht agus Dearadh

Tá an cúrsa Ceardaíochta agus Dearaidh roinnte ina cheithre réimse:

  1. Faisean agus Teicstílí,
  2. Cumarsáid Ghrafach agus na Meáin Phriontáilte,
  3. Staidéar Tríthoiseach,
  4. Staidéar Lionsa-Bhunaithe.

Tá sé i gceist ag an gcúrsa seo deis phraiticiúil a chur ar fáil don scoláire chun a chuid inniúlachtaí cognaíocha, cruthaitheacha, teicneolaíocha, aeistéitiúla agus láimhe a fhorbairt.

Spreagann an cúrsa an scoláire le breathnú ar fhéidearthachtaí difriúla ceardaíochta agus dearaidh le huirlisí agus trealamh bunúsach agus le triail a bhaint as rudaí éagsúla agus eolas a chur ar na próisis bhunúsacha a bhaineann leis an gceird roghnaithe. Déantar iarracht chomh maith tuiscint ar phrionsabail an dea-dhearaidh a chur chun cinn. Tugtar deis don scoláire freisin breathnú ar fheidhmeanna stairiúla na gceirdeanna sin, ar an úsáid a bhaintear astu faoi láthair agus ar na féidearthachtaí gairme a bhaineann leo.