ATF 1: Cumarsáid, teanga agus litearthacht
Tá an chumarsáid mar thaca agus mar bhonn faoi gach foghlaim agus tá sí ríthábhachtach le bheith in ann an fhoghlaim a aistriú. Tá cumarsáid agus teanga mar bhunús le gach ATF eile. San aonad seo, cuimsítear bealaí briathartha agus neamhbhriathartha araon san fhoghlaim chun eolas a fháil agus a thabhairt. Teastaíonn idirghníomhú sóisialta idir an scoláire agus páirtí cumarsáide i gcomhair forbairt teanga. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le roinnt scoláirí sa chohórt seo a chur ar an airdeall go gcónaíonn siad i ndomhan taobh amuigh dá gcolainn féin. Is féidir cumarsáid do na scoláirí seo a chumasú agus a chur chun cinn le cabhair ar nó cumarsáid bhreisitheach agus mhalartach, m.sh. leideanna amhairc agus míre, leideanna ó bhéal, gotha gnúise, geáitsíocht, teanga chomharthaíochta (ar nós Theanga Chomharthaíochta na hÉireann), gairis leictreonacha, Braille (nó Moon[1]) agus i bhfoirm scríofa. Trí scileanna cumarsáide a fhorbairt, breisíonn an scoláire a idirghníomhaíochtaí sóisialta agus feabhsaíonn sé a fhéinmheas.
Ba cheart an scoláire atá ag tabhairt faoi CFL1 a nochtadh d’eispéireas leathan litearthachta. Áirítear sa sainmhíniú seo ar litearthacht litearthachtaí ilmhódacha a chuimsíonn litearthachtaí labhartha, priontáilte, amhairc agus digiteacha.
[1] Córas léitheoireachta is ea Moon de shiombailí cabhartha do dhaoine dalla. Deirtear go bhfuil sé níos éasca le tuiscint ná Braille.
Foghlaimíonn an scoláire faoi
Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1.. Caidrimh chumarsáideacha a fhorbairt
- 1.1
Feasacht a léiriú ar spreagthaigh chéadfacha sa timpeallacht foghlama
- 1.2
Pátrúin d’aird a thabhairt go seasta ar spreagthaigh/daoine/gníomhaíochtaí sa gharthimpeallacht a bhunú
- 1.3
Dul i ngleic le gníomhaíocht a dteastaíonn comhaird le duine amháin nó níos mó lena haghaidh
- 1.4
Sealaíocht a thaispeáint le comhpháirtí cumarsáideach
- 1.5
Feasacht a léiriú ar thuin, comharthaíocht choirp, gothaí, luas, guthaíochtaí agus airde, agus/nó iad a úsáid, chun dul i bhfeidhm ar an gcumarsáid
- 1.6
Tús a chur le cumarsáid le duine fásta agus piaraí a bhfuil aithne aige orthu
- 1.7
Dul i ngleic le malartú suntasach le comhpháirtí cumarsáideach, agus taitneamh a bhaint as
2.. Tuiscint
- 1.8
Rudaí tagartha pearsanta agus/nó caighdeánaithe a aithint
- 1.9
Freagairt do leideanna briathartha agus neamhbhriathartha a bhaineann le gnáthaimh chumarsáideacha a bhfuil taithí aige orthu
- 1.10
Aird a thabhairt ar stór focal méadaithe i dtéacs agus freagairt dó[1]
[1] Síos trí na treoirlínte CFL1, cuimsíonn 'téacs' gach toradh ar úsáid teanga: caint, geáitsíocht, comharthaí, scríobh, amharc, leictreonach agus digiteach.
- 1.11
Freagra a thabhairt go seasta ar cheisteanna fíriciúla a bhfuil taithí aige orthu
- 1.12
A léiriú go bhféadfadh sé a bheith ag súil leis na chéad chéimeanna eile i ngníomhaíocht a bhfuil taithí aige uirthi nuair a chuirtear spreagthach ina láthair
- 1.13
An deireadh a bheidh ar scéal nó imeacht a bhfuil nó nach bhfuil taithí aige air a thuar, agus é ag roghnú as deirí éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ann
3.. Fiosrú agus úsáid
- 1.14
A chur in iúl go soiléir céard iad na rudaí agus/nó gníomhaíochtaí is fearr leis agus diúltú do nithe nach fearr leis
- 1.15
Maidir le rudaí nó imeachtaí, athdhéanamh agus/nó níos mó agus/nó athrú a iarraidh
- 1.16
Iarratas a dhéanamh agus/nó riachtanas a chur in iúl, go briathartha nó go neamhbhriathartha
- 1.17
Páirt a ghlacadh i scéal, gníomhaíocht nó imeacht a bhfuil taithí aige air, nó atá pearsanta, a roinnt
- 1.18
Cumarsáid a dhéanamh chun mothúcháin a chur in iúl go briathartha nó go neamhbhriathartha
- 1.19
Ábhar spéise agus tuairimí a chur in iúl le réimse modhanna cumarsáide briathartha nó neamhbhriathartha
4.. Léitheoireacht
- 1.20
Comharthaí a léiriú go bhfuil sé ag dul i ngleic le scéalta, téacsanna, filíocht, ábhar léitheoireachta greannmhar nó is ansa leis agus ag baint taitneamh astu
- 1.21
Leabhair a roghnú agus a láimhseáil agus é ag taispeáint go bhfuil taithí aige ar bheith ag láimhseáil leabhar
- 1.22
A léiriú go n-aithníonn agus go dtuigeann sé siombailí, comharthaí, lógónna, focail a bhfuil taithí aige orthu, litreacha nó amharcléiriú ar rudaí
- 1.23
Brí a lorg ó mheascáin de chomharthaí, de shiombailí nó de théacs chun taitneamh a bhaint astu nó chun críocha praiticiúla
- 1.24
Leabhar, irisleabhar nó téacs eile a léamh le tuiscint
- 1.25
Cuimhneamh siar ar scéal a léigh sé nó ar eispéireas pearsanta agus é ag úsáid rudaí, marcanna, gothaí nó guthaíochtaí
5.. Cur in iúl scríofa
- 1.26
Taitneamh a léiriú as bheith ag cruthú marcanna agus/nó téacsanna, agus gothaí, fuaimeanna nó focail a úsáid chun aird a tharraingt orthu sin agus é le feiceáil go dtuigeann sé go bhfuil brí le téacsanna
- 1.27
Dul i ngleic leis an gcaoi a ndéantar cleachtaí marc-chruthaithe chun foirm téacs a chruthú de réir cumais agus é ag úsáid mótarscileanna nó scileanna súilfhéachana de réir mar is cuí
- 1.28
Uirlisí [1]agus dromchlaí[2] éagsúla a fhiosrú chun téacsanna a chruthú
[1] Áirítear ar na huirlisí (ach d’fhéadfadh uirlisí eile a bheith ann freisin) rud ar bith atá in ann marcanna a chruthú, m.sh., lámha/cosa, gléas leictreonach, cathaoir rothaí, crián/peann luaidhe/péint, cúr, srl.
[2] Áirítear ar na dromchlaí (ach d’fhéadfadh dromchlaí eile a bheith ann freisin) aon dromchla is féidir a úsáid chun marcanna a chruthú, m.sh., páipéar, gléas digiteach, urlár, balla, deasc, srl.
- 1.29
Marcanna, comharthaí, siombailí nó téacsanna a chur san ord ceart agus/nó leis an treoshuíomh ceart chun brí a chur in iúl
- 1.30
Comharthaí, siombailí nó téacs a úsáid chun a chuid eispéireas, smaointe, tuairimí, roghanna a roinnt lena phiaraí le muinín atá ag fás
ATF 2: Uimhearthacht
Tugtar deiseanna i ngníomhaíochtaí laethúla don fhionnachtain mhatamaiticiúil – ó sceanra a mheaitseáil go deochanna a dhoirteadh agus ó éadaí a chomhordú go comhábhair a ullmhú don chócaireacht. Mar aon le gach cineál foghlama, caithfidh gníomhaíochtaí a bhaineann leis an ATF seo a bheith éagsúil chun go leor bealaí a cheadú chun coincheapa a léiriú, tuiscint a chur in iúl agus dul i ngleic le rudaí. Dá phraiticiúil agus dá mhéad a bhaineann an comhthéacs le gníomhartha nó tascanna laethúla, is ea is mó a chumasaíonn siad an scoláire. Is féidir foghlaim an scoláire a fhorbairt a thuilleadh le deiseanna chun teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid sa seomra ranga.
Tá uimhearthacht bunúsach don saol laethúil. Is féidir na scileanna a shealbhaítear trí ATF Uimhearthachta aistriú ar fud na scoile, a bhaile agus shaol an phobail. Ba cheart an scoláire atá ag tabhairt faoi CFL1 a nochtadh d’eispéireas leathan uimhearthachta. Roinntear an t-aonad ina shé ghné: feasacht ar an timpeallacht; pátrún agus seicheamh; tuiscint ar uimhreas a fhorbairt; cruth agus spás; tomhais agus sonraí; agus am.
Úsáideann an scoláire a chéadfaí chun iniúchadh, fionnachtain agus fiosrú a dhéanamh ar mhíreanna agus daoine trí choincheapa an chrutha, an tomhais, an ama, an phátrúin agus an tseichimh. Caithfidh an scoláire eispéireas a fháil ar thimpeallacht ina bhfuil go leor matamaitice. Gné lárnach den fhoghlaim sa réimse seo is ea tacú leis an scoláire a bheith rannpháirteach i gcásanna fíorshaoil ina bhfuil úsáid na matamaitice ábhartha.
Foghlaimíonn an scoláire faoi
Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1. Feasacht ar an timpeallacht
- 2.1
Raon rudaí/spreagthach a fhionnachtain agus a fhiosrú
- 2.2
Míreanna/spreagthacha ag gluaiseacht a fhiosrú
- 2.3
Míreanna/spreagthacha a shainaithint agus/nó sainroghanna a léiriú dóibh
- 2.4
Míreanna cosúla a mheaitseáil a bhfuil cur amach ag an scoláire orthu
- 2.5
Míreanna/spreagthacha atá mar a chéile agus/nó difriúil ar bhealach amháin nó níos mó a aithint
- 2.6
A bheith páirteach i ngníomhaíochtaí cúise agus éifeachta[1]
[1] Tagraíonn cúis agus éifeacht don tuiscint atá ann go bhfuil caidreamh idir imeachtaí nó rudaí, i gcás go bhfuil ceann ann mar thoradh ar an gceann eile (m.sh. solas a chasadh air nuair a shiúlann tú isteach i seomra dorcha).
- 2.7
Coincheap buaine ruda a fhiosrú[1]
[1] Buaine ruda is ea an tuiscint go mbíonn rudaí fós ann fiú murar féidir iad a bhreathnú (a fheiceáil, a chloisteáil, lámh a leagan orthu, a bholadh nó a bhrath ar aon bhealach).
2. Patrún agus seicheamh
- 2.8
Pátrún a fhiosrú trí réimse eispéiris chéadfacha
- 2.9
Pátrúin i dtimpeallacht an scoláire a bhreathnú
- 2.10
Dul i ngleic le teanga, rudaí, siombailí, comharthaí agus spreagthacha a bhaineann le hord agus seicheamh atá mar chuid de ghnáthamh laethúil an scoláire
- 2.11
Páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí inarb é an aidhm pátrúin a athdhéanamh
- 2.12
Gníomhaíochtaí nó gnáthaimh a bhfuil cur amach aige orthu ina bhfuil pátrúin agus seichimh intuartha a aithint agus/nó a thuar
3. Tuiscint ar uimhreas a fhorbairt
- 2.13
Páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí comhairimh
- 2.14
Uimhreacha a bhfuil cur amach aige orthu a fhiosrú agus a úsáid
- 2.15
An caidreamh idir tacair agus uimhreacha a fhiosrú
- 2.16
Turgnamh a dhéanamh le difríochtaí i gcainníocht agus an teanga a bhaineann leis[1]
[1] Tá na gníomhaíochtaí seo mar bhuntaca le suimiú, dealú, iolrú agus roinnt.
- 2.17
Coincheapa suimithe agus dealaithe a fhiosrú
4. Cruth agus spás
- 2.18
Turgnamh a dhéanamh le baill an choirp a bhogadh sa timpeallacht láithreach
- 2.19
Páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí ina n-úsáidtear teanga na gluaiseachta agus an tsuímh
- 2.20
Gnéithe agus airíonna cruthanna rialta agus neamhrialta 2T agus 3T a fhiosrú trí eispéiris chéadfacha éagsúla
- 2.21
Cruthanna sa timpeallacht láithreach agus áitiúil a aithint agus/nó a shainaithint
5. Tomhais agus sonraí
- 2.22
Rudaí agus teanga i ndáil le tomhas a iniúchadh
- 2.23
Páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí laethúla a bhaineann le tomhas i dtimpeallacht an scoláire
- 2.24
Páirt a ghlacadh in eispéireas nó i ngníomhaíocht siopadóireachta ina n-úsáidtear airgead ceart go feidhmiúil
- 2.25
Páirt a ghlacadh in uimhir agus/nó sonraí ag bhfuil cur amach aige acu ar a thaifeadadh agus a thaispeáint
6. Am
- 2.26
Dul i ngleic le teanga agus/nó míreanna, siombailí, comharthaí, spreagthacha nó gníomhaíochtaí a bhaineann le hamanna an lae agus/nó laethanta na seachtaine
- 2.27
Teanga, rudaí agus spreagthacha a bhaineann le himeachtaí suntasacha pearsanta agus cultúrtha i saol an scoláire a fhiosrú
- 2.28
Páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí/ngníomhartha a úsáidtear chun aistriú ó imeacht amháin go ceann eile chun imeacht ama, fanacht nó glacadh sealanna a thaispeáint
- 2.29
Gairis ar nós uaineadóirí, amchláir amhairc, míreanna tagartha nó clog a úsáid go feidhmeach
ATF 3: Cúram pearsanta agus folláine
Ag tabhairt faoin ATF seo, bíonn an scoláire ar an eolas faoina cholainn, forbraíonn sé tuiscint ar ghnáthfheidhmeanna colainne agus glacann sé a oiread ceannais agus is féidir ar a chúram agus a fholláine phearsanta féin. Rud is ea cúram a dhéantar leis an scoláire, nó orthu, dá bhrí sin is deis foghlama, rannpháirtíochta, agus ar deireadh, nuair is féidir, deis neamhspleáchais don scoláire atá i ngach gnáthamh cúraim. Foghlaimíonn sé go bhfuil luach air mar gheall ar cé hé féin. Tugtar deis chumhachtaithe dó (roghanna a dhéanamh), féinmheas méadaithe agus a oiread neamhspleáchais agus is féidir. Breisítear folláine mhothúchánach agus fhisiciúil freisin trí fhoghlaim faoi bhia agus cothú mar aon leis an gcaoi le mothúcháin a chur in iúl agus fanacht sábháilte i raon comhthéacsanna. Ba cheart don scoláire a scileanna agus a bhuanna féin a shainaithint agus luach a bheith orthu agus foghlaim chun iad a cheiliúradh.
Oibreoidh scoláire ar thorthaí foghlama bunaithe ar a láidreachtaí agus a riachtanais de réir mar a thugtar le fios ina Phlean Oideachais don Dalta Aonair. Féadfaidh scoláire toradh foghlama a bhaint amach ag ceann ar bith de na seacht gconair dhul chun cinn. Is féidir ábhar curaclaim ó aon réimse curaclaim a úsáid chun na torthaí foghlama a bhaint amach.
Foghlaimíonn an scoláire faoi
Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1. Féinfheasacht
- 3.1
Feasacht a léiriú ar a gcolainn féin
- 3.2
Feasacht a léiriú air féin sa timpeallacht láithreach agus/nó níos leithne
- 3.3
Aithint go bhfuil a ghnéithe féin uathúil dó féin
- 3.4
Feasacht a léiriú ar a chumais agus scileanna féin ar nós scileanna féinchúnaimh nó cineáltas do dhaoine eile
- 3.5
Buanseasmhacht agus an spreagadh chun cumais agus scileanna pearsanta a fhorbairt agus a fheabhsú a thaispeáint
2. Cúram pearsanta agus sláinteachas
- 3.6
Comhoibriú le daoine fásta a chuireann tacaíocht laethúil ar fáil
- 3.7
Páirt a ghlacadh i ngnáthaimh chúraim phearsanta
- 3.9
Roghanna a dhéanamh maidir le cúram pearsanta
- 3.10
Tascanna cúraim phearsanta a dhéanamh go neamhspleách
3. Bia agus cothú
- 3.11
Na céadfaí a úsáid chun cineálacha difriúla bia a fhiosrú
- 3.12
Sainroghanna bia a léiriú
- 3.13
Ocras, tart agus teachtaireachtaí cosúil le ‘tuilleadh le do thoil’ nó ‘ní bheidh tuilleadh agam’ a chur in iúl agus tacaíocht á fáil acu ithe agus ól
- 3.14
Uirlisí itheacháin agus óil a úsáid
- 3.15
Páirt a ghlacadh in ullmhú bia
- 3.16
Nósanna imeachta sláinteachais bunúsacha i gcás bia a léiriú
- 3.17
Rialacha sábháilteachta a leanúint nuair atá trealamh cistine á úsáid
- 3.18
Páirt a ghlacadh i sneaiceanna sláintiúla a dhéanamh
- 3.19
Bia sláintiúil pearsantaithe a phleanáil, a cheannach agus a ullmhú (le tacaíocht más gá)
4. Folláine mhothúchánach
- 3.20
Roinnt mothúchán a chur in iúl go comhsheasmhach (le rún nó dá uireasa) ionas gur féidir le duine fásta a bhfuil aithne aige orthu freagairt go cuí
- 3.21
Spéis a léiriú sna mothúcháin a chuireann daoine eile in iúl agus freagairt go cuí
5. Folláine fhisiciúil
- 3.24
An cholainn a úsáid chun tionchar a imirt ar rudaí sa timpeallacht
- 3.25
Bogadh chun rialú oll-luaileach na colainne a fheabhsú
- 3.26
Rialú mínluaile a chleachtadh don fhéinchuidiú
- 3.27
Páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí chun nós maireachtála sláintiúil a fhorbairt
- 3.28
Gníomhaíochtaí coirp sainroghnacha a shainaithint
- 3.29
Léiriú go bhfuil taitneamh á bhaint as comhoibriú le piaraí i gcluichí foirne agus i ngníomhaíochtaí grúpa
6. Sábháilteacht phearsanta
- 3.30
Glacadh le haird chuí ó dhaoine eile
- 3.31
Idirdhealú a dhéanamh idir daoine a bhfuil agus nach bhfuil aithne aige orthu
- 3.32
Cur i gcoinne aird mhíchuí agus/nó feasacht a léiriú ar dhuine/dhaoine eile ar féidir leo cabhrú leis má bhíonn sé i gcás míchompordach
- 3.33
Rialacha sóisialta comhaontaithe a leanúint
- 3.34
Feasacht a léiriú ar rioscaí i dtimpeallachtaí ar a bhfuil cur amach aige
- 3.35
Áiteanna poiblí agus príobháideacha agus an chaoi a bhfuil siad difriúil a shainaithint
- 3.36
Baill an choirp a shainaithint nó a ainmniú leis an teanga anatamaíoch cheart
- 3.37
Gnásanna sóisialta príobháideachais a leanúint
- 3.38
Feasacht a léiriú ar theagmháil fhisiciúil chuí agus neamhchuí le daoine eile
ATF 4: A bheith rannpháirteach i bpobal
Cuirtear ar chumas an scoláire san aonad seo caidrimh dhearfacha a chothú le daoine eile ina phobal, bíodh a theaghlach, a scoil nó an pobal níos leithne ina gcónaíonn sé i gceist. Éilítear bealach teagaisc bunaithe ar phróiseas do chroí-ghnéithe an tsóisialaithe. Sa chomhthéacs sin, tugann an ATF seo deiseanna don scoláire chun am curaclaim a chaitheamh ag foghlaim taobh amuigh den scoil agus chun dul chun cinn a dhéanamh ar an obair ar phróisis na cumarsáide a fhorbraíonn sé san ATF ‘Cumarsáid, teanga agus litearthacht’. Bíonn deiseanna aige cur lena phobal agus a bheith páirteach ann, na háiseanna ann a úsáid go sábháilte agus go cuí, agus aire a thabhairt dó.
Tógann príomhghné den fhoghlaim sa réimse seo an scoláire isteach ina phobal. Tá sé ríthábhachtach anseo tacú leis an scoláire a fhaigheann athrú agus aistriú deacair. Má fhorbraítear scripteanna sóisialta[1] don scoláire roimh ré, mar aon le grianghraif agus/nó taifeadtaí fuaime nó físeáin laghdaítear imní agus cuireann sé ar a shuaimhneas é trí aithne níos fearr a chur ar an ní anaithnid. Bíonn an t-idirghníomhú sóisialta an-dúshlánach do roinnt scoláirí mar sin má bhíonn deacrachtaí le hobair chomhoibritheach nó sóisialú le daoine eile, ba cheart ligean dóibh obair a dhéanamh as lámha a bpiaraí nó lena dtaobh agus gan brú a chur orthu a bheith páirteach.
[1] Déantar cur síos sna scripteanna sóisialta ar an timpeallacht fhisiciúil a dtabharfaidh an scoláire cuairt uirthi, agus áireofar ann sonraí den mhéid a tharlóidh ar an turas. Scríobhtar sa chéad phearsa go minic iad, m.sh. Nuair a théimid in airde na gcéimeanna chuig an doras beidh mé in ann mo mhála a fhágáil i seomra, áit a mbeidh sé sábháilte go dtí go dtagaim ar ais.
Foghlaimíonn an scoláire faoi
Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1. Caidreamh le daoine eile
- 4.1
Sástacht a chur in iúl i gcuideachta daoine eile
- 4.2
Beannú do dhaoine nach bhfuil aithne aige orthu
- 4.3
Taitneamh a thaispeáint ó idirghníomhú le duine nó daoine eile, agus mian a léiriú go leanfadh sé ar aghaidh
- 4.4
Freagairt go comhsheasmhach do dhaoine nach bhfuil aithne aige orthu
- 4.5
An compánach/na compánaigh is fearr leis a thabhairt le fios/a roghnú do ghníomhaíochtaí difriúla
- 4.6
An cumas daoine a nascadh lena róil a chur in iúl
- 4.7
Dul i ngleic le gníomhaíochtaí tacaithe ar scileanna laethúla
- 4.8
A bheith mar bhall de ghrúpa amháin nó níos mó ar scoil nó taobh amuigh di, a bheith páirteach go gníomhach nuair is féidir
2. Áiseanna áitiúla a úsáid
- 4.10
Páirt a ghlacadh in úsáid limistéir/seomraí difriúla ina thimpeallacht láithreach go cuí
- 4.11
Cuairt a thabhairt ar áiseanna agus páirt a ghlacadh in áiseanna a úsáid ina thimpeallacht
- 4.12
Eolas a léiriú ar áiteanna a stóráiltear/ina bhfuil rudaí a bhfuil cur amach aige orthu ina thimpeallacht
- 4.13
Roghanna a dhéanamh agus áiseanna á n-úsáid
- 4.14
Meas a léiriú ar rudaí ar le daoine eile iad agus iad a úsáid go cuí
3. Aistriú idir timpeallachtaí
- 4.15
Aitheantas a léiriú ar bheith in áiteanna a bhfuil eolas aige orthu
- 4.16
Freagairt go fiosrach d’áiteanna nach bhfuil aithne aige orthu
- 4.17
Comhoibriú sa réiteach don aistriú agus san aistriú chuig áit nua
- 4.18
Dul i ngleic go gníomhach leis an aistriú chuig áit nua
- 4.19
Freagairt do leideanna (amhairc, ó bhéal, gotha, fuaim) chun áiteanna a bhfuil cur amach aige orthu a aimsiú
- 4.20
Mian a léiriú/a iarraidh go bhfágfaí grúpa nó go rachfaí chuig áit eile
4 . A bheith slán sa phobal
- 4.21
Aird a fháil ó dhuine fásta má mhothaíonn sé i ndainséar nó míchompordach
- 4.22
‘Níl’ a chur in iúl
- 4.23
Bogadh chuig/fanacht in aice le cúramóir/caomhnóir agus é in áiteanna nach bhfuil cur amach aige orthu
- 4.24
Rialacha sábháilteachta i dtimpeallachtaí difriúla a leanúint
- 4.25
Áiteanna agus daoine sa phobal ar féidir leo cabhrú linn a aithint
5. Cur leis an bpobal
- 4.26
Freagairt don atreisiú dearfach ó dhaoine eile
- 4.27
É féin a iompar go cuí i ngnáthamh a bhfuil cur amach aige orthu nó ag imeachtaí speisialta agus nuair is féidir an ról a bhfuiltear ag súil leis a imirt ann
- 4.28
Feasacht a léiriú go bhfuil iarmhairtí le gníomhaíochtaí
- 4.29
Páirt a ghlacadh i gcúram na timpeallachta láithrí agus áitiúla
- 4.30
Dul i ngleic le tasc nó post sa phobal
ATF 5: Na healaíona
Clúdaítear trí réimse san aonad seo: an amharc-ealaín, ceol agus drámaíocht. Nochtar an scoláire do raon saibhir agus éagsúil eispéireas ag baint leas as a gcéadfaí ar fad. Bíonn sé páirteach go cruthaitheach san fhoghlaim agus bíonn deiseanna aige a mhothúcháin, a fhreagairtí agus a shamhlaíocht a chur in iúl mar dhuine aonair agus mar bhall de ghrúpa. Mar gheall ar ghnéithe láidre amhairc, éisteachta agus tadhaill na dtrí ghné, áirítear na scoláirí a bhfuil laguithe amhairc agus éisteachta aige go hiomlán agus go rathúil san fhoghlaim. Is féidir leis na healaíona tacú le gach scoláire chun ciall a bhaint as an domhan timpeall air.
Foghlaimíonn sé faoina oidhreacht chultúrtha agus traidisiún féin agus faoi oidhreacht agus traidisiúin daoine eile. Nochtar an scoláire do shaothar ealaíontóirí, ceoltóirí agus do dhomhan na hamharclannaíochta agus an taibhithe. Trí imeachtaí comhaimseartha agus stairiúla a athinsint a mbíonn cur amach aige orthu, éiríonn an scoláire níos sláine agus níos suaimhní ina thimpeallacht.
Sna trí ghné, leagfar béim ar eispéiris, fiosrú agus cruthú. Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil an próiseas agus an turas cruthaithe chomh tábhachtach leis an táirge/taibhiú.
Foghlaimíonn an scoláire faoi
Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1. Amharc-ealaín
- 5.1
Réimse uirlisí marc-chruthaithe, meán agus ábhar, dromchlaí agus teicnící a fhiosrú agus taithí a fháil orthu, lena n-áirítear baill den chorp a úsáid
- 5.2
Spéis a léiriú i solas daite, dath sa timpeallacht agus in ábhair ealaíne
- 5.3
Féachaint ar rudaí nádúrtha agus táirgthe le huigeachtaí, cruthanna agus pátrúin difriúla agus iad a láimhseáil
- 5.4
Ábhair 3T (nua agus athchúrsáilte) a bhailiú, a fhiosrú agus a úsáid
- 5.5
Páirt a ghlacadh i saothar ealaíne a chruthú bunaithe ar fhíor-spreagthacha nó spreagthacha samhalta
- 5.6
Amharc-ealaín a úsáid chun cumarsáid a dhéanamh, lena n-áirítear mothúcháin a chur in iúl ar bhealach cruthaitheach
- 5.7
Oibriú go neamhspleách agus/nó go comhoibritheach chun píosa ealaíne a tháirgeadh
- 5.8
Breathnú ar a shaothar féin agus ar shaothar daoine eile, léirthuiscint a fháil dó agus/nó freagairt dó, lena n-áirítear saothar ealaíontóirí cáiliúla áitiúla nó domhanda
2. Ceol
- 5.9
Foinse agus treo fuaime a shainaithint
- 5.10
Éisteacht agus freagairt do raon leathan fuaimeanna agus ceoil (timpeallacht, cnagcheol colainne, guth, uirlisí, digiteach, teicneolaíocht, ó réimse traidisiún agus cultúr)
- 5.11
Freagairt do ghnéithe an cheoil (tuinairde, buille, fad, dinimic, struchtúr, tondath, uigeacht, stíl, tempo)
- 5.12
Turgnamh a dhéanamh le fuaimeanna ó bhéal a dhéanamh
- 5.13
Baill den chorp a úsáid chun fuaimeanna a dhéanamh trí bhogadh ar/trí thimpeallacht fhrithghníomhach[1]
[1] Téann ceol frithghníomhach in oiriúint don éisteoir agus dá thimpeallacht trí bhraiteoirí ionsuite a úsáid, m.sh. ceamara, micreafón, scáileán tadhaill. Ar an gcaoi sin, bíonn éisteoirí mar chuid den phróiseas cruthaitheach.
- 5.14
Réimse trealamh chun fuaim a dhéanamh a fhiosrú agus a úsáid
- 5.15
Páirt a ghlacadh i bhfuaimeanna oiriúnacha do scéalta, imeachtaí agus ceiliúradh a roghnú agus/nó a dhéanamh
- 5.16
Páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí déanta ceoil
- 5.17
Píosaí gearra ceoil a chruthú leis na teicneolaíochtaí digiteacha cuí
- 5.18
Fuaimeanna a nascadh le léirithe pictiúrtha
- 5.19
Fonn éasca a sheinm ar uirlis a roghnaíonn sé
3. Drámaíocht
- 5.20
Feasacht a léiriú ar bheith mar chuid de lucht féachana
- 5.21
Prapaí, feisteas, gníomhartha agus spreagthacha céadfacha a fhiosrú agus freagairt dóibh i gcomhthéacs drámatúil
- 5.22
Páirt a ghlacadh in insint/athinsint imeachtaí nó scéalta comhaimseartha/stairiúla/cultúrtha trí chluichí idirghníomhacha agus/nó gníomhaíochtaí drámatúla
- 5.23
Feasacht a léiriú ar bheith mar chuid de ghrúpa aisteoireachta
- 5.24
Comhoibriú nó oibriú in aice/i gcomhar le daoine eile chun prapaí, feisteas agus seiteanna a dhéanamh, a roghnú agus a úsáid
- 5.25
Oibriú go neamhspleách nó go comhoibritheach chun píosa drámaíochta cleachta a chur ar siúl do lucht féachana
- 5.26
Mothúcháin a chur in iúl agus/nó a shainaithint i gcomhthéacs drámatúil
ATF 6: Corpoideachas
Feabhsaíonn aclaíocht fhisiciúil agus gluaiseacht díriú, giúmar, codladh agus pátrúin itheacháin. Gnéithe tábhachtacha den Chorpoideachas is ea oibriú mar dhuine aonair, scileanna pearsanta a fhorbairt agus oibriú mar bhall d’fhoireann.
Tá na ceisteanna céanna i gceist agus gníomhaíochtaí foghlama Corpoideachais an scoláire á bpleanáil ag múinteoir. Caithfear saincheisteanna ar nós sábháilteachta, mar aon le riachtanais leighis agus fhisiciúla an scoláire a chur san áireamh freisin. B’fhéidir go gcaithfí moltaí a lorg ó fhoireann ildisciplíneach chun trealamh agus gluaiseacht a roghnú atá oiriúnach do riachtanais an scoláire.
Ag tús gach seisiúin Corpoideachais, is féidir le tréimhsí réamhaclaíochta agus fuaraithe, atá tábhachtach do dhuine ar bith atá ag tabhairt faoi aclaíocht fhisiciúil, a bheith an-tairbheach chun na céadfaí a dhúiseacht sula dtosaíonn an ceacht agus chun an scoláire a chur ar a shuaimhneas, go fisiciúil agus go meabhrach, sula bhfilleann sé ar an seomra ranga nó sula mbogann sé ar aghaidh chuig gníomhaíochtaí foghlama eile Mar aon leis na moltaí ón bhfoireann ildisciplíneach a luadh thuas, chabhródh comhairle ón méid a theastaíonn do scoláirí áirithe ar gá dóibh a ngéaga a bhogadh dóibh. Tá sé tábhachtach freisin a thabhairt faoi deara gurb é túsphointe roinnt scoláirí cur suas le fuaimeanna/bolaithe/teocht na dtimpeallachtaí corpoideachais.
Tá sé tábhachtach go gcuirtear chun cinn dearcadh dearfach i leith stíl mhaireachtála shláintiúil. Tá machnamh ar an méid ama a chaitheann scoláire ar ghníomhaíocht choirp, mar aon lena nósanna cothaithe mar bhuntaca le cláir a thugann na tairbhí is mó. Tá gníomhaíocht choirp a bhaineann le sláinte lena n-áirítear aclaíocht chardashoithíoch nuair is féidir ríthábhachtach chun leibhéil aclaíochta a fhorbairt, áit nach gcuireann sé bunriochtaí sláinte i mbaol. Teastaíonn spreagadh ó roinnt scoláirí le páirt a ghlacadh in aclaíocht fhisiciúil. Tá sé tábhachtach go mbeadh an luach saothair a thugtar ionann agus leordhóthanach don mhéid iarrachta a iarrtar ar an scoláire.
Tá sé tábhachtach scileanna oll-luaileacha (an cumas le matáin mhóra an choirp a rialú i gcomhair suí, lámhacán, siúil, reatha agus gníomhaíochtaí eile) agus scileanna mínluaile (gníomhartha níos lú cosúil le breith ar liathróid, breith ar bhata, mála pónairí a phiocadh suas) a fhorbairt mar go bhfuil siad mar bhuntaca le foghlaim ní hamháin in ATF an Chorpoideachais ach in ATFanna eile Leibhéal 1. Ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhfuil aon trealamh ar leith ag teastáil chun scileanna oll-luaileacha a fhorbairt.
Is iad na scileanna bunghluaiseachta na pátrúin ghluaiseachta bhunúsacha lena mbaineann na baill choirp éagsúla. Is féidir iad a scagadh ina dtrí chatagóir – scileanna luaile (rith, preabadh, snámh); scileanna cothromaíochta (an cholainn a choinneáil in áit amháin ach ag cothromaíocht ar bhealaí difriúla); agus scileanna míre (ciceáil, caitheamh, brú). Forbraítear scileanna bunghluaiseachta agus an scoláire ag glacadh páirt in ATF an Chorpoideachais.
Ba cheart deiseanna a thabhairt do scoláire atá ag obair ar CFL1anna eispéireas a fháil ar an spraoi, taitneamh agus gnéithe sóisialta a bhaineann le haclaíocht choirp. Sa réimse seo, is torthaí inmhianaithe iad a bhraistint de bheith mar chuid d’fhoireann agus a rannpháirtíocht ar fhoireann.
Foghlaimíonn an scoláire faoi
Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1. Scileanna gluaiseachta (lúthchleasaíocht/gleacaíocht)
- 6.1
Baill iomlána nó roinnt ball den chorp a bhogadh (lámha, ceann, leanúint le súile, srl.) go toilteanach
- 6.2
Baill iomlána nó roinnt ball den chorp a bhogadh chun an timpeallacht láithreach a fhiosrú
- 6.3
Bogadh go cuspóireach/le rún
- 6.4
Gluaiseachtaí comhsheasmhacha a fhorbairt chun tionchar a imirt ar threalamh nó mar fhreagra do spreagthach
- 6.5
Scileanna oll-luaileacha a bheachtú, le tacaíocht ó threalamh nuair is cuí
- 6.6
Scileanna mínluaile a bheachtú, le tacaíocht ó threalamh nuair is cuí
- 6.7
An cholainn ar fad nó géaga aonair a bhogadh i raon treonna agus ag luasanna difriúla[1]
[1] I gcásanna áirithe, d’fhéadfaí luas cathaoir rothaí a rialú a áireamh anseo.
- 6.8
A bheith feasach ar chomharthaí céadfacha mar leideanna don ghluaiseacht
- 6.9
Páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a chuireann aclaíocht chardashoithíoch agus corpacmhainn chun cinn
2. Gníomhaíocht chomhoibritheach (cluichí)
- 6.10
A bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí coirp le daoine eile
- 6.11
Dul i ngleic le gníomhaíocht a dteastaíonn comhaird le duine amháin nó níos mó lena haghaidh
- 6.12
Trealamh agus/nó gnéithe de chluichí traidisiúnta nó spóirt agus cumtha i ngníomhaíochtaí ciorcaid a fhiosrú
- 6.13
Páirt a ghlacadh i gcluichí le duine amháin nó níos mó
- 6.14
Feasacht nó suim a léiriú i bheith mar chuid d’fhoireann
- 6.15
Tacú le spórt agus/nó spórt a imirt don spraoi mar bhall den phobal (na Cluichí Oilimpeacha Speisialta, ionadaíocht a dhéanamh don rang/scoil srl.)
3. Gluaiseacht chruthaitheach (damhsa)
- 6.16
Breathnú ar ghluaiseachtaí duine eile agus iarracht a dhéanamh iad a chóipeáil nó aithris a dhéanamh orthu ag féachaint air féin sa scáthán[1]
[1] Céim forbartha níos deireanaí is é an cumas chun é sin a bhaint amach gan féachaint air féin sa scáthán.
- 6.17
An corp ar fad nó baill de a bhogadh go cruthaitheach mar fhreagairt ar spreagthach
- 6.18
Feasacht a fhorbairt ar chonairí agus treonna na gluaiseachta[1]
[1] I líne dhíreach, timpeall ar chóin/mharcóirí i dtreo fiarláin, srl.
- 6.19
Dhá ghluaiseacht nó níos mó a nascadh le chéile chun sraith gluaiseachtaí a chruthú
- 6.20
Idirghníomhú le duine/daoine eile chun gluaiseachtaí comhordaithe a chruthú
- 6.21
Bogadh le smacht/grástúlacht ag léiriú feasacht ar dhaoine eile agus ar an timpeallacht
- 6.22
Freagairt mhothúchánach a chur in iúl do spreagthacha trí ghluaiseacht
4. Uiscíocht
- 6.23
Uisce a fhiosrú i gcásanna agus timpeallachtaí difriúla
- 6.24
Dul isteach agus amach as linn snámha go sábháilte
- 6.25
Cur suas le huisce ag bogadh thar an gcolainn agus dul in oiriúint dó
- 6.26
Na tionchair a bhíonn ag snámhacht uisce air féin/ar dhaoine eile agus míreanna/gairis snámhachta eile a fhiosrú
- 6.27
Bogadh trí uisce i dtreonna difriúla – ar aghaidh, ar chúl, ó thaobh go taobh, léim, buille snámha a úsáid, srl.
- 6.28
Rialú anála a chleachtadh – séideadh agus anáil a choinneáil
- 6.29
Bheith ar snámh ar a dhroim agus a bholg san uisce
- 6.30
Bogadh ar a dhroim tríd an uisce