Úsáideann CNCM fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí bhrabhsála is fearr is féidir ar ár suíomh gréasáin. Má aontaíonn tú gur féidir linn fianáin a stóráil agus a úsáid cliceáil “Glac & Dún” nó féadfaidh tú d’fhianáin a bhainistiú anseo.Manage Cookies

Ionchas maidir le scolairí

Snáithe 1: Cé mé féin?

Foghlaimíonn an scoláire faoi

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire

1. Conas a fheictear dom mé féin agus daoine eile
  1. 1.1

    léirthuiscint a bheith aige don tábhacht a bhaineann lena fhéinmheas féin agus le féinmheas daoine eile a thógáil 

    • clipboard
  2. 1.2

    fáiltiú roimh dhifríocht idir daoine aonair bunaithe ar léirthuiscint dá uathúlacht féin

    • clipboard
2. Bheith i d’ógánach
  1. 1.3

    páirt a ghlacadh i bplé eolach ar thionchar na forbartha fisicí, mothúchánaí, síceolaíche agus sóisialta le linn na hógántachta

    • clipboard
  2. 1.4

    an chaoi a mbaineann gnéasacht agus féiniúlacht inscne le bheith i do dhuine daonna a aithint agus go bhfuil toisí bitheolaíocha, síceolaíocha, cultúrtha, sóisialta agus spioradálta leis

    • clipboard
3. Féinbhainistíocht
  1. 1.5

    spriocanna pearsanta gearrthéarmacha, meántéarmacha, agus fadtéarmacha a shainaithint mar aon le bealaí ina bhféadfaí iad a bhaint amach

    • clipboard
  2. 1.6

    scileanna cinnteoireachta a chur i bhfeidhm i réimse suíomhanna

    • clipboard
  3. 1.7

    eolas cuí agus iontaofa faoi shláinte agus folláine a aimsiú

    • clipboard
4. Mo chearta agus cearta daoine eile
  1. 1.8

    míniú a thabhairt ar an gcaoi ar féidir le steiréitíopáil cur le tuiscint agus le taithí duine ar chearta agus ar fholláine

    • clipboard
  2. 1.9

    léirthuiscint a bheith aige don tábhacht atá le hiompar measúil agus cuimsitheach chun timpeallacht shábháilte a chur chun cinn atá saor ó chlaontacht agus ó leatrom

    • clipboard

Snáithe 2: Aire a thabhairt dom féin agus do dhaoine eile

Foghlaimíonn an scoláire faoi

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire

1. Fanacht folláin
  1. 2.1

    an chaoi a gcuireann aiste bia, gníomhaíocht choirp, codladh/scíth agus sláinteachas le féinmhuinín, féinmheas agus folláine a mheas

    • clipboard
  2. 2.2

    léirmheas a dhéanamh ar éifeacht na meán, na fógraíochta agus tionchair eile ar chinntí an duine faoin tsláinte agus faoin bhfolláine 

    • clipboard
  3. 2.3

    cur síos a dhéanamh ar a gcuireann an muintearas chun cinn ar scoil, sa bhaile agus sa phobal trí chéile agus ar a ról féin chun timpeallacht chuimsitheach a chruthú 

    • clipboard
  4. 2.4

    idirdhealú a dhéanamh idir aire atá oiriúnach a thabhairt agus a fháil

    • clipboard
2. Úsáid substaintí
  1. 2.5

    na scileanna pearsanta agus sóisialta a thaispeáint chun aghaidh a thabhairt ar an mbrú chun toitíní a chaitheamh, alcól a ól agus/nó substaintí eile a úsáid

    • clipboard
  2. 2.6

    machnamh a dhéanamh ar na hiarmhairtí pearsanta, sóisialta agus dlíthiúla a thagann lena úsáid drugaí féin nó le húsáid daoine eile

    • clipboard
  3. 2.7

    léirmheas a dhéanamh ar an eolas agus na tacaí atá ar fáil do dhaoine óga i dtaca le húsáid substaintí

    • clipboard
3. Cumarsáid mheasúil
  1. 2.8

    scileanna na héisteachta gníomhaí agus na freagartha cuí a úsáid i gcomhthéacsanna éagsúla 

    • clipboard
  2. 2.9

    scileanna maithe cumarsáide a úsáid chun freagairt don cháineadh agus don aighneas 

    • clipboard
4. Frithbhulaíocht
  1. 2.10

    cur síos a dhéanamh ar fhreagairtí cuí i leith teagmhais bhulaíochta 

    • clipboard
  2. 2.11

    breithmheas a thabhairt ar róil rannpháirtithe agus lucht féachana i dteagmhais bhulaíochta

    • clipboard
  3. 2.12

    athbhreithniú a dhéanamh ar pholasaí frithbhulaíochta agus ar threoirlínte sábháilteacht idirlín na scoile agus míniú a thabhairt ar na himpleachtaí atá ann d’iompar agus do shábháilteacht phearsanta scoláirí.

    • clipboard

Snáithe 3: Dul i bpáirt le chéile

Foghlaimíonn an scoláire faoi

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire

1. Cara bheith agat agus tú a bheith i do chara
  1. 3.1

    a bhfuil luachmhar ag daoine óga i gcaidrimh dhifriúla a oibriú amach agus an chaoi a n-athraíonn sé sin le himeacht aimsire

    • clipboard
  2. 3.2

    meonta, scileanna agus dearcthaí a mheas a chabhraíonn chun cairdeas a dhéanamh, a choimeád agus a chríochnú go measúil

    • clipboard
  3. 3.3

    a chumas a aithint chun cairdeas a dhéanamh agus a bheith aige

    • clipboard
2. An raon caidrimh
  1. 3.4

    na tionchair dhifriúla ar chaidrimh agus ar leibhéil dlúthchaidrimh a mhíniú

    • clipboard
  2. 3.5

    anailís a dhéanamh ar dheacrachtaí caidrimh a bhíonn ag daoine óga

    • clipboard
3. Gnéasacht (collaíocht), féiniúlacht inscne agus sláinte ghnéis
  1. 3.6

    cur síos a dhéanamh ar thorthúlacht, giniúint, forbairt réamhbhreithe agus breith, agus na ceisteanna sláinte ar leith a bhaineann le gach ceann acu

    • clipboard
  2. 3.7

    míniú a thabhairt ar a gciallaíonn sé aire a thabhairt dá shláinte ghnéis

    • clipboard
  3. 3.8

    scileanna cumarsáide treallúsaí a thaispeáint chun tacú le cinnteoireacht fhreagrach, eolach faoi chaidrimh agus faoi shláinte ghnéis atá oiriúnach ó thaobh aoise agus forbartha de 

    • clipboard
  4. 3.9

    machnamh a dhéanamh ar na gnéithe pearsanta agus sóisialta den ghnéaschlaonadh agus den fhéiniúlacht inscne

    • clipboard
4. Tionchar na meán ar chaidreamh agus ar ghnéasacht
  1. 3.10

    anailís chriticiúil a dhéanamh ar úsáid íomhánna gnéasacha agus ar steiréitíopáil inscne i gcineálacha éagsúla meán

    • clipboard
  2. 3.11

    léirmheas a dhéanamh ar thionchar na meán ar a thuiscint ar chollaíocht agus ar shláinte ghnéis

    • clipboard

Snáithe 4: Mo mheabhairshláinte

Foghlaimíonn an scoláire faoi

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire

1. Meabhairshláinte dhearfach
  1. 4.1

    míniú a thabhairt ar a gciallaíonn sé meabhairshláinte dhearfach a bheith agat

    • clipboard
  2. 4.2

    léirthuiscint a bheith aige don tábhacht a bhaineann le rudaí a phlé go mion, lena n-áirítear na naisc a aithint idir smaointe, mothúcháin agus iompar 

    • clipboard
  3. 4.3

    roinnt teicnící scíthe a chleachtadh

    • clipboard
2. Meabhairshláinte agus easláinte mheabhrach
  1. 4.4

    páirt a ghlacadh i bplé eolach ar cheisteanna meabhairshláinte a mbíonn taithí ag daoine óga agus/nó ag a chairde agus a theaghlach orthu 

    • clipboard
  2. 4.5

    léirthuiscint a bheith aige do mhaireachtáil le heasláinte mheabhrach

    • clipboard
  3. 4.6

    léirmheas a dhéanamh ar na seirbhísí meabhairshláinte atá ar fáil do dhaoine óga go háitiúil

    • clipboard
  4. 4.7

    míniú a thabhairt ar an tionchar suntasach a imríonn úsáid substaintí ar mheabhairshláinte an duine

    • clipboard
3. Ócáidí géara coscracha a láimhseáil
  1. 4.8

    raon straitéisí chun athléimneacht a thógáil a chleachtadh 

    • clipboard
  2. 4.9

    scileanna le dul i ngleic le deacrachtaí a úsáid chun dúshláin an tsaoil a bhainistiú 

    • clipboard
4. Cailleadh agus méala
  1. 4.10

    míniú a thabhairt ar an réimse leathan ócáidí saoil ina bhféadfadh sé taithí a bheith aige ar chailleadh agus ar mhéala 

    • clipboard
  2. 4.11

    breac-chuntas a thabhairt ar na freagairtí pearsanta, sóisialta, mothúchánacha agus fisiceacha i leith cailleadh agus méala 

    • clipboard
  3. 4.12

    comparáid a dhéanamh idir na bealaí ina gcuirtear cailleadh agus méala i láthair i gcomhthéacsanna agus i gcultúir éagsúla

    • clipboard
  4. 4.13

    cur síos a dhéanamh ar an gcaoi a dtabharfadh sé aire dó féin agus a dtabharfadh sé tacaíocht do dhaoine eile ar ócáidí caillte agus méala

    • clipboard