Úsáideann CNCM fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí bhrabhsála is fearr is féidir ar ár suíomh gréasáin. Má aontaíonn tú gur féidir linn fianáin a stóráil agus a úsáid cliceáil “Glac & Dún” nó féadfaidh tú d’fhianáin a bhainistiú anseo.Manage Cookies

Aistear Nuashonraithe!

Tá Céim 2 d’Aistear á Nuashonrú beo anois. Glac páirt agus léirigh do thuairim.


Foghlaim Tuilleadh
Is é Aistear an creat curaclaim do pháistí in Éirinn ó bhreith go sé bliana d’aois is ea Aistear. Tá faisnéis ann do dhaoine fásta chun cuidiú leo eispéiris thaitneamhacha dhúshlánacha a phleanáil agus a sholáthar, le go mbeidh gach páiste ina fhoghlaimeoir inniúil féinmhuiníneach agus caidrimh ghrámhara le daoine eile á gcothú aige.
Déantar ceiliúradh in Aistear ar an luath-óige mar thréimhse ina mbíonn an sult agus an fholláine i réim agus ina mbíonn an leanbh ag foghlaim ó eispéiris de réir mar a thiteann siad amach. Tá na 12 phrionsabal idirnasctha a léirítear i dtrí ghrúpa éagsúla mar bhonn is mar thaca leis:
  • Leanaí agus an saol le linn na luath-óige
  • Na gaolta atá ag leanaí le daoine eile
  • An chaoi a bhfoghlaimíonn agus a bhforbraíonn páistí
Cuirtear gach prionsabal in iúl le ráiteas gairid. Ansin, tá míniú ar an bprionsabal ó dhearcadh an pháiste. Sonraítear ról an duine fhásta ag tacú le luathfhoghlaim agus luathfhorbairt an pháiste sa mhíniú sin.Baineann an Creat úsáid as ceithre théama idirnasctha chun cur síos a dhéanamh ar fhoghlaim agus forbairt páistí:
  • Folláine
  • Féiniúlacht agus Muintearas
  • Cumarsáid
  • Taiscéalaíocht agus Smaointeoireacht.
Déantar cur síos ar gach a bhfoghlaimeoidh an páiste sna téamaí, lena n-áirítear claontaí, meonta agus luachanna, scileanna, eolas agus tuiscint. Tá aidhmeanna agus spriocanna foghlama leathana do gach páiste mar chuid de gach téama. Sonraítear sna haidhmeanna agus spriocanna na meonta, luachanna agus meonta, scileanna, feasacht agus tuiscint a chothaíonn an duine fásta sa pháiste chun cuidiú leis an bpáiste foghlaim agus forbairt.