Eolaíocht Talmhaíochta

Is éard atá i gceist in Eolaíocht Talmhaíochta na hArdteistiméireachta staidéar ar an mbuneolaíocht agus ar an mbunteicneolaíocht i bprionsabail agus i gcleachtais na talmhaíochta. Féachann sé leis  an eolas, na scileanna agus na dearcthaí  is gá chun inbhuanaitheacht acmhainní talmhaíochta a chur chun cinn a chothú san fhoghlaimeoir, agus cuirtear béim ar an tslí leis na hacmhainní sin a bhainistiú. Déantar staidéar ar chineálacha plandaí agus ainmhithe a bhaineann leis an talmhaíocht, agus imscrúdaítear gnéithe den talmhaíocht mar an ithir, an éiceolaíocht, fiseolaíocht plandaí agus ainmhithe, barra feirme, cleachtais feirmeoireachta, an ghéineolaíocht agus an mhicribhitheolaíocht.

Déantar Eolaíocht Talmhaíochta a mheasúnú ag dhá leibhéal – Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal – i scrúdú scríofa agus in obair mheasúnaithe a dhéanamh le linn an chúrsa.